Irish-Language

Gradaim Nós ag léiriú na tallainne i saol na Gaeilge

Agus leithéidi Lisa Hannigan ag ceol i nGaeilge is léir go bhfuil borradh faoin cheol nua-aimseartha sa teanga
Agus leithéidi Lisa Hannigan ag ceol i nGaeilge is léir go bhfuil borradh faoin cheol nua-aimseartha sa teanga

Ná déan nós agus ná bris nós a deirtear ach tá NÓS eile ann atá ag dul ó neart go neart, é ag caitheamh dusta draíochta na 21ú haois ar an Ghaeilge.

Tá an iris ar-líne faoi stiúir Thomaí Uí Chonghaile ar cheann de na tograí is mó a léiríonn go bhfuil todhchaí na teanga slán cionn is gur ann do thairseach chriticiúil de Ghaeil óga fuinniúla, cumasacha a bhfuil mianach iontu ag baint suilt agus úsáide as an teanga.

Agus tá áiseanna ar fáil i ngach réimse le freastal ar an ghlúin chorraitheach seo, sa cheol ach go háirithe agus sin an ghné atá á cur chun cinn ag NÓS ina gcomórtas úr, Gradaim Cheoil Nós, 2015.

“Shocraigh muid na Gradaim Cheoil seo a chur ar bun chun aitheantas a thabhairt do na ceoltóirí éagsúla atá ag cumadh agus ag ceol inár dteanga féin, agus chun ceiliúradh a dhéanamh ar an méid atá bainte amach acu le linn 2015,” arsa Tomaí Ó Conghaile, Eagarthóir NÓS.

“Ba mhór an spéis a léiríodh sna Gradaim le mí anuas agus bhí áthas an domhain orainn an oiread ainmniúchán a fháil.

“Le bheith ionraic, níor shíl mé gur scríobhadh 35 amhrán nua Gaeilge i mbliana ach tá go leor amhránaithe iontacha agus bannaí cumasacha amuigh ansin anois ag ceol trí mheán na teanga, idir iad siúd atá aitheanta cheana agus iad atá díreach i ndiaidh tosú ar a mbóthar ceoil,” arsa Tomaí.

Chuir painéal saineolaithe an gearrliosta le cheile haghaidh - Colm Mac Con Iomaire, Ben Ó Faoláin, Lynette Fay, Barbara Nic Dhonncha agus Ciarán Ó Meachair ach beidh an vótáil phoiblí don ghig bheo is fearr oscailte go 31 Nollaig 2015.

Agus coinnigh an Aoine 8 Eanáir 2016 saor mar sin oíche bhronnta na ngradam a bheidh ar siúl sa Sugar Club, i mBaile Átha Cliath.

Níl ach €15 ar thicéad, agus is féidir iad a ordú agus gach eolas eile a fháil ar Ghradaim Cheoil Nós, 2015 ag www.nos.ie/gradaim

AN GEARRLIOSTA

AMHRÁN NA BLIANA

Amhrán na Farraige – Lisa Hannigan

Ar Ais go Gaoth Dobhair – Emma Ní Fhíoruisce

Beatha Úr – Doimnic Mac Giolla Bhríde

Cogadh no Sìth – Griogair

Fun Orm – IMLÉ

Go Beo Go Deo na nDeor – Enda Reilly & Séamus Barra Ó Súilleabháin

Purgadóir – Rís

Roisín Dubh – Dysania

Suantraí Meisciúil – Janet Devlin

Solas – Eve Belle

Suas Síos – Kíla

Súile – Clann Mhic Ruairí

ALBAM NA BLIANA (NUACHEOL)

An Taobh Tuathail – Tuath

An Treo Eile – Dysania

Suas Síos – Kíla

Yahú – Rís

ALBAM NA BLIANA (AMHRÁIN THRAIDISIÚNTA)

An Caitlín Ban – De Barra

An Mhaighdean Mhara – Noeleen Ní Cholla

Fuaim an Chiúnais – An Crann Óg

Gaelré – Gráinne Holland

In Am Trátha – Líadan

Sona do Cheird – Doimnic Mac Giolla Bhríde

Súile – Clann Mhic Ruairí

FÍSEÁN NA BLIANA

Am – Kíla

An Crann Úll – An Crann Óg

An Drúcht Geal Ceo – Gráinne Holland

D’aon Ghuth Amháin – Seo Linn

Purgadóir – Rís

Tí Jude – Rís

Tine na nGael – TG Lurgan

Suas Síos – Kíla

NÚÍOSACH NA BLIANA

Cathal ‘Banjo’ Ó Curráin

Dysania

Emma Ní Fhíoruisce

IMLÉ

Lauren Ní Chasaide

Tuath

BANNA / CEOLTÓIR NA BLIANA

Boss Sound Manifesto

Bréag

Dysania

Emma Ní Fhíoruisce

Inni-K

JJ Ó Dochartaigh

Kíla

Rís

Seo Linn

Spats Colombo

Tuath