Irish-Language

An Afraic nach bhfuil aithne ag an domhan air trí shúile Frank Reidy

<em><b style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">FRANK REIDY AGUS HABIBA AKUMU OBAMA: </b><span style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">T&aacute; cur s&iacute;os ag Frank ina leabhar, &Oacute; Ch&oacute;sta go C&oacute;sta, ar u&aacute;fas Ruanda, sl&eacute;acht inar mara&iacute;odh suas le milli&uacute;n duine taobh istigh de 100 l&aacute;, ar a shealanna sa Mhe&aacute;nOirthear agus ar an d&oacute;igh ar bhuail s&eacute; le m&aacute;thair mh&oacute;r an Uachtar&aacute;in Obama agus &eacute; sa Ch&eacute;inia. Fuair Mama Obama b&aacute;s in</span><span style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">&nbsp; </span><span style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">2006. </span><span style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">&nbsp;</span></em>
FRANK REIDY AGUS HABIBA AKUMU OBAMA: Tá cur síos ag Frank ina leabhar, Ó Chósta go Cósta, ar uáfas Ruanda, sléacht inar maraíodh suas le milliún duine taobh istigh de 100 lá, ar a shealanna sa MheánOirthear agus ar an dóigh ar bhuail sé le máthair mhór an Uachtaráin Obama agus é sa Chéinia. Fuair Mama Obama bás in  2006.  

Ó Shligeach go Ruanda agus ón Liobáin go Conamara, tá saol thar a bheith suimiúil caite – agus tá go leor eile ar na bacáin – ag Frank Reidy, iar-oifigeach in Arm na hÉireann.

Tá leabhar i ndiaidh a fhoilsithe ag Cló Iar-Chonacht. Ó Chósta go Cósta, ina bhfuil cur síos ag Frank ar an dáimh atá aige leis an Afraic ach ina shuí sa Chrúiscín Lán ar an Spidéal, labhair sé faoina thaithí in Arm na hÉireann.

“Bhí mé san Fhórsa Cosanta Áitiúil ag deireadh na 1960í nuair a bhí an ghéarchéim ó thuaidh agus is cuimhneach liom féin 1969 nuair a tháinig na teifigh ó dheas nuair a bhí mé sa Finner Camp. Ní cheapaim go dtuigeann daoine an ghéarchéim a bhí ó dheas freisin mar gheall ar an tuaisceart,” ar sé.

Bhí suim i gcónaí ag Frank sna fórsaí cosanta ó dheas, ní ar chúiseanna polaitiúla ach mar shlí bheatha.

Chuaigh sé isteach sna Daltaí sa Churach i 1973 agus uaidh sin isteach sa Chór Comharthaíochta agus é ag plé le cúrsaí raidió, teicneolaíochta agus cumarsáide. Post buan a bhí ann, dar leis.

“Mhothaigh mé go raibh sé ar nós dul isteach sna sagairt,” ar sé, “cineál gairm nó vocation a bhí ann.

Rinne Frank na turasanna thar lear, go dtí an Liobáin sa chuid is mó, agus é ábalta taisteal thart, Iarúsailéim agus an Bhruach Thiar agus na háiteanna sin atá i gcónaí sa nuacht a fheiceáil dó féin. Measann Frank go ndéan Arm na hÉireann jab tábhachtach ar son na Náisiún Aontaithe.

“Sa Mheánoirthear, bhí caidreamh láidir againn le muintir na háite, bhí muid i gcónaí ina measc agus thuill muid meas mar idirghabhálaithe,” ar sé.

Chuaigh Frank chun na hAfraice don chéad uair i 1994, nuair a hiarraidh air dul go Ruanda i ndiaidh an chinedhíothaithe ansin.

“Ag an am sin, bhí John O’Shea ó GOAL ag cur brú iontach ar Dick Spring a bhí ina Aire Gnóthaí Eachtracha ag an am, saighdiúirí a chur go Ruanda agus ba é an socrú a rinneadh nó go gcuirfí oifigigh agus saighdiúirí de chuid Arm na hÉireann leis na heagraíochtaí neamhrialtasacha agus go mbeadh na hoifigigh freagrach as lóistíocht.

“Cuireadh ceist ormsa ar mhaith liom dul go Ruanda agus taobh istigh de sheachtain, bhí mé ar an mbóthar,” ar sé.

Mar atá a fhios againn anois, maraíodh suas le milliún duine taobh istigh de céad lá agus ní nach ionadh, fágadh Frank, fear mór cainte, gan focal.

“Bhí an cogadh cathartha ar siúl idir na Tutsis agus na Hutus agus ag deireadh an chogaidh, theith na Hutus – a bhí ciontach – theith siad uilig amach as an tír chun na dtíortha máguaird.

“Stopadar, shuíodar síos agus rinne na Náisiúin Aontaithe agus na heagraíochtaí campaí dóibh. Bhí sé ar nós rud a d’fheicfeá in Inferno Dante. Bhí sé ar nós rud as an mBíobla. San áit a raibh mé, ní riabh tada ag na daoine seo, bhí siad ag fáil bháis leis an ocras, leis an tart, le gach cineál galair, an calar ach go háirithe. Tá an boladh sin istigh i mo chloigeann fás, boladh an bháis.

“Is daoine iontacha iad agus meas acu ar an marbh ach bhí rudaí chomh dona sin gur chaill siad a bhféin-mheas. Bhí marbháin fágtha ag taobh an bhóthair, bhí gasúir ar strae óna mhuintir, bhí sé uafásach,” ar sé.

Nuair a tháinig Frank ar ais go hÉirinn, admhaíonn sé nach dtiocfadh leis socrú síos agus gheall sé dó féin go bhfillfeadh sé ar an Afraic, luath nó mall.

Saoithiúil go leor, b’fhéidir, deir sé go bhfuil an Afraic agus na Sé Chontae cosúil lena chéile. 

Ó thuaidh, bhíodh an t-uafás agus an foréigin in áiteanna áirithe ach measann daoine go mbíodh sé mar a gcéanna fud fad na háite. Tá sé amhlaidh san Afraic fosta. Sin an fáth go bhfuil Ó Chósta go Cósta scríofa ag Frank, cuntas ina dtugann sé cuairt in athuair ar oirthear na hAfraice, agus gnéithe folaithe na hAfraice a léiriú, Afraic an ghrá agus an gháire, Afraic na féile agus na flaithiúlachta, Afraic an spraoi agus an tsonais – íomhá nach bhfuil chomh forleathan sin i meáin an Iarthair, iad gafa le scéalta faoi ghorta, cogaíocht, caimiléireacht pholaitiúil agus anró gan stad gan staonadh.

In Ó Chósta go Cósta, seolann an t-údar timpeall chósta thoir na Céinia, tugann sé cuairt ar sheanmháthair Bharack Obama, agus ríomhann sé stair chasta, thragóideach na tíre. Tugann sé faoi safari i bpáirc náisiúnta an Maasai Mara. Tugann sé cuairt ar Uganda go bhfeice sé an chabhair a thugann Rialtas na hÉireann don tír sin. Agus filleann sé ar Ruanda go bhfeice sé mar atá ag éirí leo sna blianta tar éis an chinedhíothaithe. Leabhar taistil, leabhar staire, leabhar eolais, leabhar polaitíochta – leabhar nach mór do dhuine ar bith a bhfuil spéis aige san Afraic sa lá atá inniu ann é a bheith ina sheilbh.

Chomh maith le Ó Chósta go Costa, tá leabhar eile, Seal san Aetóip: Sa Tóir ar Áirc an Chonartha scríofa ag Frank. Tá an dá leabhar foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht.