Irish-Language

Mar a théann tíortha maithe in olcas de réir an iriseora Ece Temelkuran

<b>TURCACH &Oacute;G:&nbsp;</b>T&aacute; Ece Temelkuran ar cheann de na hiriseoir&iacute; is fearr ar domhan faoi l&aacute;thair &ndash; chomh maith sin is nach bhfuil s&iacute; in ann dul ar ais chuig a t&iacute;r dh&uacute;chais mar gheall ar an deacht&oacute;ireacht at&aacute; i r&eacute;im faoi cheannairecht Recep Tayyip Ergodan&nbsp;
TURCACH ÓG: Tá Ece Temelkuran ar cheann de na hiriseoirí is fearr ar domhan faoi láthair – chomh maith sin is nach bhfuil sí in ann dul ar ais chuig a tír dhúchais mar gheall ar an deachtóireacht atá i réim faoi cheannairecht Recep Tayyip Ergodan 

TÁ PODCHRAOLTA I ndiaidh teacht in aibíocht. Nuair a tháinig siad amach i gcéaduair, bhí siad thar a bheith neamhphroifisiúnta ach anois, tá na caighdeáin léiriúchán go hard sna podchraoltaí is bunúsaí.

Cinnte, tá siad ann a bhfuil sé an-doiligh éisteacht leo cé go bhfuil an t-ábhar iontu go hiontach ach bíonn an fhuaim thíos seal, thuas seal.

Níl a fhios agam cad é mar a éisteann daoine le podchraoltaí. An gcaitheann siad dul ar thurasanna fada sa charr le barr suilt a bhaint as podchraoladh?

Ar na podchraoltaí is fearr liom, tá ceann David McWilliams. Is ann a chuireann an t-eacnamaí Éireannach síos ar cheisteanna casta na heacnamaíochta agus na polaitíochta domhanda í modh réchúiseach, greannmhar go minic ach ag deireadh gach eipeasóide, bíonn smaoinimh spreagúla i do cheann nach raibh ann roimhe.

An eipeasóid dheireanach ar éist mé leis, bhí McWilliams ag cur agallamh ar scríbhneoir as an Tuirc, Ece Temelkuran, iriseoir a bhfuil ceithre leabhar scríofa aici, How to Lose a Country, an ceann is déanaí.

Is breá liom bheith ag éisteacht le daoine cliste le go dtig liom a gcuid barúlacha agus léargas a roinnt le daoine eile agus bhí go leor acu sa chomhrá seo idir McWilliams agus Temelkuran.

Ina leabhar, cuireann an Turcach mná síos ar an dóigh a dteann tíortha maithe chun drabhláis. Glacann sé seacht gcéim, dar léi.

Tháinig Recep Tayyip Erdogan i gcumhacht in 2002 agus ó shin i leith, tá gach gné den saol i ndiaidh dul in olcas - an geilleagar, cearta ban, an daonlathas, gach rud.

Ba bheag aird a thug muintir an iarthair air seo go dtí an tÉirí Amach a tharla in 2013 nuair a d’éirigh an pobal in éadan na deachtóireachta agus ina dhiaidh sin in 2016 nuair a tharla an coup d’etat míleata nár éirigh leis ach a rinne cúrsaí níos measa.

“Ach ag an tús, bhí ceannairí an iarthair ag rá gur bulaí fir a bhí in Erdogan, gur duine maith a chuirfeadh an daonlathas chun cinn a bhí ann. B’ionnann sin agus muidne ag rá le muintir Mheiriceá go raibh an t-ádh orthu go raibh Trump ina Uachtarán orthu, gur rud iontach don daonlathas a bhí ann,” ar sí. 

In 2016, bhí Ece ag seoladh leabhair eile dá chuid faoin Tuirc i Londan agus bhí bean amháin i láthair a dheachaigh an leabhar go mór i bhfeidhm uirthi. 

I ndiaidh an tseolta, labhair sí le hEce.

“Cad é thig linn a dhéanamh daoibh?” a d’fhiafraigh an Sasanach mná.

“No. Cad é thig liomsa a dhéanamh daoibhse?” a d’fhreagair sí, mar bhí sí i Sasana i ndiaidh thoradh reifreann an Bhreatimeachta agus mhothaigh sí go raibh na rudaí céanna a bhí ar siúl sa Tuirc ag dul ar aghaidh sa Bhreatain.

“Bhí na patrúin cheanna á n-athchruthú sa Bhreatain agus sna Stáit Aontaithe chomh maith,” ar sí. 

“Tá seacht bpatrún ann a bhogann tír ó dhaonlathas go deachtóireacht.

“Ar tús, tógtar gluaiseachtaí mar tá ré na bpáirtithe polaitíochta ag teacht chun deiridh. 

“Coincheap de chuid na 20ú haoise a bhí iontu agus tá fás agus forbairt phobalachas (populism) na heite deise de dhlúth agus d’inneach na 21ú haoise,” ar sí.

“Tá páirtithe polaitiochta ró-mhór, ró-amscaí agus is fearr le hábhair deachtóirí gluaiseachtaí a bhunú, geallann siad “greatness” do dhaoine aineolacha agus sleamhnaíonn siad isteach sa ghnáthpholaitíocht.

“Chomh luath is a tharlaíonn sé sin, tosaíonn siad an ghnáthpholaitíocht a chur fríd a chéile, ag scrios consensuses, ag truailliú an bhéarlagair,” ar sí.

Tá sé sin feicthe againn sa sochaí “iar-fhírinne” seo nuair nach bhfuil a fhios ag daoine cé ata ag inse na firinne agus cé atá ag inse bréaga. Is doiligh argóintí a dhéanamh in éadan daoine a deir leat gur cuma leo faoi na fíricí – go gcreideann siad go bhfuil an domhan cothrom agus sin e.

“Measann siad gur tábhachtaí rud a chreidmheas ná rud a fheiceáil,” arsa Ece.

“Is  Donald Trump an sampla is fearr de sin. Ni chreideann sé san athrú aeráide cé go léiríonn an eolaíocht go bhfuil sé ag tarlú.

Patrún eile atá aitheanta ag Ece, tugann sí Removing the Shame air.

Is cuimhin linn go mbeadh náire shaolta ar pholaiteoir a bhfuarthas ciontach as bréaga a inse. Níl sé sin amhlaidh níos mó.

Amharc agus éist le Boris Johnson. Léigh bunús na nuachtán i Sasana a bhfuil an chuid is mó acu i lámha milliúnaithe thar lear.

Níl náire ar bith orthu.

Cheana féin, aithníonn muid a bhfuil ag tarlú thall i Sasana. Níl muid saor ó locht in Éirinn, thuaidh agus theas, ach tá an eite dheas ag treabhadh leo fríd an Eoraip, san Iodáil, sa Pholainn, san Ungáir agus i dtíortha eile.

Ach mar a deir Ece Temelkuran, ní chuidíonn an eagla le rud ar bith. 

Tá cuid mhór eile atá san agallamh thar a bheith suimiúil agus is beag podchraoladh dá chuid nárbh fhiú éisteacht leis.

Is féidir teacht ar The David McWilliams ar an idirlíon.