Entertainment

Ionad ealaíona atá ina lóchrann dóchais i dtuaisceart Bhéal Feirste

The Dunciarn Centre for Arts and Culture ar Bhóthar Aontroma i mBéal Feirste
The Dunciarn Centre for Arts and Culture ar Bhóthar Aontroma i mBéal Feirste

Is iontach líon na n-eaglaisí Preisbitéireacha a ndearnadh ionaid ealaíne dóibh. Cultúrlann McAdam Ó Fiach, The Glassworks i nDoire agus an ceann is déanaí, Eaglais Phreisbitéireach Duncairn.

Tógadh an Eaglais in 1842 ar Bhóthar Aontroma i mBéal Feirste.agus d’fheidhmigh sé mar eaglais go dtí tús na 1990í. Tréigeadh an foirgneamh ansin agus chuaigh sé go mór chun raice.

Ach 14 bliana o shin, bhí dream díograiseach daoine, an tIontaobhas 174 nó the 174 Trust agus a cheannaire Bill Shaw ach go háirithe, agus fís le fíorú acu, saol úr beoga a chur isteach san eaglais mar ionad ealaíona agus an cultúr a bheadh mar áis do phobail uile thuaisceart Bhéal Feirste. Ba é tuaisceart na cathrach an t-aon chuid den chathair nach raibh a leithéid ann cheana.

Roghnaigh siad Ray Giffen mar stiúrthóir ealaíon agus fios acu go raibh siad ar aon intinn faoi na spriocanna a bhí acu.

Leis na focail “Ba mhaith liom tú bláthú” thug Bill Shaw cead a cinn do Ray clár imeachtaí ealaíne a chur le cheile.

“Ni raibh de threoir ag Bill ach go mbeadh An Duncairn ina spás comhroinnte agus go mothódh gach duine go raibh an fháilte cheanna curtha rompu agus a cuireadh roimh dhuine ar bith eile,” arsa Ray.

“Bhí mise go hiomlán ar mo chompord leis sin ar ndóigh, mar is breá liom daoine.” arsa Ray.

“Mhothaigh mé go raibh deis againn an stiogma a bhaineann leis na healaíona i measc an aicme oibre a scrios. Ba mhaith linn a chur ina luí ar dhaoine gurb ionann na healaíona agus leabhar a léamh, amhrán a rá, damhsa a dhéanamh. Ní chaitheann tú bheith i do Rembrandt nó i do Picasso nó eolas a bheith agat orthu ach thig leatsa páirt a ghlacadh sna himeachtaí seo uilig.

“Nuair a fheicim an áit seo lán agus aoibh gháire ar an uile dhuine, sin jab s’agamsa déanta,” arsa Ray.

Bhuel, tá an áit lán agus go leor aoibheanna ar dhaoine ó osclaíodh doirse an Duncairn Arts and Cultural Centre i mí Bealtaine 2014, foirgneamh aiséirithe a bhfuil athchóiriú iomlán déanta air agus ata anois ar cheann de na foirgnimh is áille sa chathair.

Tá gradaim buaite aige mar gheall ar an ailtireacht agus ar an dearadh agus tá an £4 mhilliún punt a chaitheadh air le feiceáil go soiléir san áit. Agus taobh istigh den tseoid seo d’fhoirgneamh, tá clár ealaíona den chéad scoth curtha le cheile ag Ray agus a fhoireann díograiseach.

Cheana féin, tá oícheanta dodhearmadta curtha faoi bhráid an phobal acu ina raibh Aldoc, Caoimhín Ó Raghallaigh agus Dan Trueman, Moxie, Beoga agus ceoltóirí agus cumadóirí a léiríonn éagsúlacht agus saibhreas an cheoil traidisiúnta ach tá na healaíona uilig agus tuilleadh faoin aon díon amháin ag an Duncairn - coirmeacha ceoil, drámaí, díospóireachtaí agus léachtaí, taispeántais, chomh maith le ceardlanna ceoil, damhsa, agus i gceirdeanna éagsúla.

An fhoirgneamh, tá trí dhánlann, spás taispeántais, amharclann, spás cleachtaithe, chomh maith le seomra cruinnithe pobail, caife agus seomraí comhdhála ann.

“Sa chead bhliain, tháinig corradh le 40,000 duine fríd na doirse, tá sin dochreidte,” arsa Ray go bródúil.

“Is deá-scéal é an áit seo, níl rud ar bith diúltach ag baint léi. Tá fáilte roimh gach duine theacht isteach.”

Ar na hócáidí as an ghnáth a bhíonn ar siúl sa Duncairn, bíonn ceoltóirí breá sásta bheith ag seinm maidin Dé Domhnaigh. Bíonn bia den scoth ar fáil a bhuíochas do Cafe Krem, nuachtáin, agus atmaisféar thar a bheith suaimhneach. Ar an 20ú, beidh an chead Domhnach vinile ina seinnfear scoth an cheoil ar cheirníní vinile.

Bhí tuaisceart Bhéal Feirste ag fanacht fada go leor le hionad mar seo ach b’fhiú an fanacht!