CUIREADH tús le clár plódaithe Fhéile na Carraige 2016 ag Ghael-Ionad Mhic Goill inné, foirgneamh úrscothach nua san Uachtar Cluanaí a tógadh chun leasa an phobal agus an óige.
Sa chéad imeacht de chuid na Féile, nochtadh clachán a dhear an t-ealaíontóir Tony Currie. Clachán searmanais atá ann é déanta le clocha de bhunadh Gaelach a úsáideadh leis na blianta fada ar mhaithe le hiontais spioradálta agus phobail.
Dúirt Feargal Mac Ionnrachtaigh, stiúrthóir Ghlór na Móna, go raibh sé sé de rún ag Féile na Carraige dúshlán a chur roimh dhaoine chomh maith le iad a spreagadh agus a mhealladh ar dhóigh a normalaíonn meon dearfach de dhlúthpháirtíochta agus de chomhoibrithe.
“Ba mhian linn spásanna éagsúla a chruthú do dhaoine le hatmaisféar taitneamhach ina dtig leo páirt a ghlacadh agus machnamh a dhéanamh ar stair, ar an phobal, ar pholaitíocht, agus ar chultúr,” ar sé.
“Mar sin de, inár mbarúil féin, téann comórtais CLG, léachtaí eolacha ar shláinte agus ar fholláin, agus rith carthanachta 10k le chéile gan stró le cainteanna/díospóireachtaí staire, drámaíocht pholaitíochta idirnáisiúnta agus an ceol traidisiúnta comhaimseartha is fearr.”
Is iomaí imeacht a thitfidh amach sa Ghael-Ionad le linn Fhéile na Carraige, ach tá aitheantas á thógáil ag an ionad úr mar mhol pobail bríomhar a thugann ardán do ghníomhaíochtaí óige agus pobail a chothaíonn rannpháirtíocht, dearfacht agus úinéireacht le Gaeil eile.
Chomh maith leis sin, d’áitigh Conchúr Ó Muadaigh, oifigeach óige Ghlór na Móna go raibh taobhú le luachanna forásacha agus radacacha Fhorógra na Cásca agus muid ag cuimhneamh dhá chomóradh chinniúnacha; 100 bliain comóradh ar Éirí Amach na Cásca agus 35 bliain comóradh den Stailc Ocrais.
Tá clár na féile seo plódaithe le himeachtaí atá fóirsteanach do chách, idir óg agus aosta. Ar na himeachtaí a bheas ann, beidh maidin chaife agus cheoil do phinsinséirí an cheantair, imeachtaí spreagúla do pháistí naíscoile agus bunscoile, lá spraoi teaghlaigh, drámaíocht, an G-Spota, léacht bhliantúil Harry Holland, rás carthanachta 10km agus a thuilleadh eile.
Thug Glór na Móna buíochas le Comhairle Cathrach Bhéal Feirste agus Foras na Gaeilge as tacú le Féile na Carraige.