Irish-Language

Fear grinn a fuair spreagadh ó thurais fhada sa charr

Dabid O'Doherty a bhfuil leabhar ur do pháistí amuigh aige
Dabid O'Doherty a bhfuil leabhar ur do pháistí amuigh aige

Caitheann David O’Doherty cuid mhór ama ag líonadh leabhar nótaí, ag breacadh smaointe síos go scaollmhar, é a déanamh réidh don chéad chamchuairt eile, nó don chéad ghig eile do Fhéile Dhún Éideann.

“Dúspéis iomlán atá san fhuirseoireacht ar na boinn (stand-up is a complete obsession),” arsa an fear grinn.

“Mhúscail mé ar maidin agus ba é an chéad rud a rinne mé na amharc ar mo leabhar nótaí le fáil amach cad é a bhí scríofa agam sula ndeachaigh mé a luí aréir Beannacht agus mallacht atá ann,” arsa an fuirseoir as Baile Átha Cliath atá le feiceáil ar sheónna ar nós QI, Would I Lie To You? agus Have I Got News For You.

“Tá an t-ádh dearg orm go bhfuil an dúspéis seo agam ach ciallaíonn sé sin go bhfuil sé deacair saol normálta a bheith agam: Mar shampla, bíonn sé deacair aige gan greann a fheiceáil sna cúrsaí is dáiríre.

“Éiríonn sé an-olc ansin,” a deir sé.

“Nuair atá mé ag troid le mo chailín agus tá sise ag caoineadh agus tá mise ag caoineadh ach ar chúl m’intinne, tá an aoibh mhór gháire seo mar gheall ar rud éigin a dúirt sí a bhí iontach greannmhar agus tá mise ag dul a dhéanamh mionchur síos air ar an ardán.”

Mac le ceoltóir snagcheoil atá in O’Doherty. D’fhás sé aníos i lár Bhaile Átha Cliath aníos lena dheartháir agus lena dheirfiúr ach ba mhinic a rachadh an teaghlach ar cuairt chuig máthair mhór dá chuid a bhíodh ina cónaí ar oileán Acla.

“D’imir sé sin an-tionchar orainne uilig, mar bhí an-dúil ag m’athair sna cláracha grinn a bhíodh ar an raidió agus le linn an turais an-fhada sin – cúig uair go leith – d’éisteadh muid le leithéidí The Goon Show agus cláracha grinn de chuid an BBC ó na caogaidí, na seascaidí agus na seachtóidí agus measaim go bhfuil cuid de The Goon Show in Dr Noel Zone, carachtair de mo chuid sna leabhair, chomh maith,” ar sé.

Caitheann O’Doherty leathchuid den bhliain ar camchuairt sa Bhreatain nó níos faide i gcéin san Eoraip, sna Stáit Aontaithe agus san Astráil agus tá sé ina chónaí i mBaile Átha Cliath an chuid eile den am, áit a raibh sé i mbun feachtasaíochta ar son an chomhionannais phósta sa reifreann ó dheas ar na mallaibh.

“Mheas mé gur ghné den cheartas shóisialta a bhí ann,” ar sé.

“Ní thiocfadh liom smaoineamh ar chúis ar bith fiúntach nach mbeadh sé amhlaidh. Chonaic mé é mar dheis ról beag bídeach a imirt in athrú na tíre.”

Faoi láthair, tá sé i mbun seó eile i nDún Éidínn, We Are All In The Gutter, But Some Of Us Are Looking At David Doherty, seó a bheidh ar camchuairt gan mhoill.

“Bhí ag éirí go geal liom ag Dún Éideann, agus bhíothas ag tabhairt ‘one to watch’, orm ach ag an am ceanna, bhinn i mo shuí ag mo dheasc, píosa bán páipéir romham, agus fios agam go raibh seo le toiseacht i gceann trí seachtaine. Sin brú nár mhaith liom a bheith i mo shaol arís”

Is beag an baol agus tá clú anois ar O’Doherty mar scríbhneoir agus tá leabhar úr do dhaoine óga i ndiaidh a fhoilsithe.

Scríobh sé a chéad leabhar nuair a bhí sé 21 bhliain d’aois, an t-am céanna is a bhí a dheartháir, Mark, ag éirí as an fhuirseoireacht.

“Rinne mo dheartháir jócanna iontacha aonlíne. Deir Dylan Moran gurbh é mo dheartháir an fear grinn ab ansa leis. “Ach d’éirigh an brú i bhfad róthrom. Tá sé oilte mar aisteoir ach ní fhaigheann fir grinn róil chearta agus sa deireadh, d’éirigh sé as.

Tá l leabhar úr, Danger Is Still Everywhere,ar mire glan.

Cuireann sé síos ar an eagla atá ar dhaoine óga madaidh atá ina zombaithe, nó an eagla atá ar chuid acu roimh thonnta ar an chladach.

D’fháisc an smaoineamh – ina bhfuil Dr Noel Zone, an chéad contúirteolaí/dangerologist ar domhan –as óige O’Doherty.

“Bhí eagla orm roimh an uile ní.” ar sé. “Ollphéisteanna, taibhsí, ag snámh, an dorchadas mar sin ba mian liom carachtair a chruthú a raibh níos mó eagla airsean ná mar a bhíodh ormsa!”

n Tá Danger Is Still Everywhere le David O’Doherty (focail) agus Chris Judge (pictiúir) foilsithe ag Puffin ar luach £7.99.