Irish-Language

Teachtaireacht Columbanus chomh láidir inniu is a bhí sí riamh

Tá iar-Uachtarán na hÉireann thar a bheith tógtha faoin chlár úr faisnéise ar Cholumbanus, An Chéad Eorpach
Tá iar-Uachtarán na hÉireann thar a bheith tógtha faoin chlár úr faisnéise ar Cholumbanus, An Chéad Eorpach

LEIS na mílte bliain – agus leanfaidh sé leis san am atá le theacht – tá coimhthigh ag déanamh beag de mhuintir na hÉireann, a nósanna, a dteanga, a gcreideamh agus, déanta na fírinne gach gné de shaol na nGael.

““Their external characteristics of beard and dress, and internal cultivation of the mind, are so barbarous that they cannot be said to have any culture.” arsa Giraldus Cambrensis in Topographia Hiberniae, 1188.

“The common Irish are naturally shrewd, but very ignorant and deficient in mental culture; from the barbarous tongue in which they converse which operates as an effectual bar to any literary attainment.” dar le William Shaw Mason, Royal Irish Academy, 1822.

Is é seo baothchaint daoine a chreideann go bhfuil siad féin ar bharr fheabhais an chine daonna, daoine ar mhaith leo smacht a bheith acu ar dhreamanna eile agus leis sin a dhéanamh, is éigin a thaispeáint go bhfuil cine éigin eile mídhaonna mar a bheadh ainmhithe iontu.

Ach tá an fhírinne ann chomh maith.

Tá leabhar darb ainm How the Irish Saved Civilization le Thomas Cahill ina gcuireann an t-údar síos ar an dóigh ar shábháil manaigh Éireannacha traidisiún intleachtach na hEorpa tráth a raibh ainriail ar fud na mór-roinne i ndiaidh mheath Impireachta na Róimhe.

Ar na daoine ba mhó sa ghníomh gaisciúil sin, bhí Colm Bán, nó Columbanus lena ainm Rómhánach a thabhairt air. Is iontach an tionchar a bhí ag an fhear seo ar stair na hEorpa cé gur beag Éireannach a bhfuil aon chur amach aige nó aici air. Ach maireann a chlú sa Fhrainc, san Eilbhéis, san Iodáil agus i dtíortha eile.

Ni thuigtear an tionchar a bhí ag Éireannaigh ar an leann, ar an chreideamh agus ar an pholaitíocht 1400 bliain ó shin in Éirinn féin ach seans mór go n-athróidh sé sin nuair a fheicfear clár iontach faoi Columbanus déanta ag Clean Slate Television agus atá á láithriú ag iar-Uachtarán na hÉireann, Mary McAleese.

Tá dhá leagan den chlár déanta, ceann i nGaeilge dar teideal Mary McAleese agus an Chéad Eorpach agus leagan eile i mBéarla, Mary McAleese and the Man Who Saved Europe.

Taispeánadh an scannán in Stiúideo A de chuid an BBC - an ceann céanna a mbaintear úsáid as do chlár Stephen Nolan, ach a mhalairt d’atmaisféar a bhí ann agus an áit plódaithe. Cuireadh fáilte mhór romhainn agus, ar tús, chuir an tOirmhinneach Dr Bert Tosh, ceannaire na gclár creidimh ag an BBC, chuir sé agallamh ar Mháire Mic Giolla Íosa faoin chlár agus faoi Columbanus é féin.

“The Man who Saved Europe,” nach bhfuil sé ag dul thar fóir sin a rá faoi aon fhear amháin?” an chéad cheist a chuir Bert.

“Cinnte, is cur síos thar a bheith tromchúiseach é, go hairithe in Éirinn, tír nach bhfuil sé de nós againn barraíocht molta a thabhairt do dhuine beith, bíodh sé tuillte acu nó ná bíodh,” arsa Bean Mhic Giolla Íosa.

“Ach má bhíonn tú ait ar bith ar mhór-roinn na hEorpa, má labhraíonn tú le duine ar bith a bhfuil cur amach acu ar stair na hEorpa. go hairithe iad sin ó thraidisiún intleachtúil na hEorpa, na daoine sin a thuigeann foinsí an traidisiúin sin,

“Dá mbeifeá ag caint le Robert Schumann, dá mbeifeá ag caint le Jean Monnet, dá mbeifeá ag caint le Alcide De Gasperi, á mbeifeá ag caint le duine ar bith de bhunaitheoirí an Aontais Eorpaigh, ní chreidfeadh duine ar bith acu nach bhfuil an teideal sin tuillte ag Columbanus,” ar sí.

Chuir an iar-Uachtarán síos ar Cholm bán na hEaglaise mar dhuine a shábháil an Eoraip a bhí sáite sa tsíor-choimhlint idir grúpaí beaga i ndiaidh Impireacht na Róimhe titim as a chéile.

Bhí an Eoraip seo ina praiseach, aineolas agus piseoga forleathan ach tháinig an fear seo as Éirinn leis an traidisiún clasaiceach, chuir sé beocht úr sa Chríostaíocht, chuir sé scoláireacht, litearthacht, agus go leor eile chun cinn. Threoraigh sé na hEorpaigh amach as an aineolas, as an dorchadas.

“Na rudaí a bhunaigh sé, níor tharla sé thar oíche, níor tharla sé lena linn féin, ach d’fhág sé oidhreacht mar gheall ar an infheistiú a rinne sé a d’athraigh stair na hEorpa,” arsa Bean Mhic Giolla Íosa.

Is léir go ndeachaigh smaointe an manaigh seo lorg ar smaointeoireacht na ndaoine a tháinig le chéile le fáil amach an bhfeadfaí an mhór-roinn a aontú i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda.

Bhí sé ar bhunphrionsabail Columbanus go dtiocfadh le daoine comhoibriú lena chéile chun leasa a chéile, ba chuma cad é na difríochtaí a bhí eatarthu. Ni amháin go raibh an prionsabal sin ag croílár bhunú an Aontais Eorpaigh ach ba cheart go mbeadh an teachtaireacht sin go láidir inniu bíodh muid ag caint ar chúrsaí cearta, ar chúrsaí cultúir, ar chúrsaí gnéasachais nó cibé eile.

Is scannán é Mary McAleese agus an Chéad Eorpach a osclóidh do chroí agus, táthar ag súil, go n-osclóidh sé croíthe daoine fosta.

Taispeánadh míreanna ó scannán a rinne an Cairdinéal Tomas Ó Fiach faoi Columbanus in 1979. Is mithid dúinne anois an t-ómós atá tuillte ag Columbanus a thabhairt dó.

Teachtaireacht Naomh Columbanus chomh láidir inniu agus a bhí sí riamh