Irish-Language

Craic, ceol agus cuideachta ar bhonn idirnáisiúnta agus logánta

Nuair a chas Jerry ar Aly: Bhí Jerry Douglas (ar chlé) agus Aly Bain ar na daoine a chuir tús le Transatlantic Sessions 20 bliain ó shin
Nuair a chas Jerry ar Aly: Bhí Jerry Douglas (ar chlé) agus Aly Bain ar na daoine a chuir tús le Transatlantic Sessions 20 bliain ó shin

Bhí oícheanta dodhearmadta ag daoine as gach cearn d’Éirinn agus níos faide i gcéin le linn Fhéile Cheoil na hÉireann in 2013 agus maireann an borradh go fóill.

An tseachtain seo chugainn, beidh Féile Idirnáisiúnta Cheol na hÉireann ar siúl i nDoire agus scoth aeoil agus na cuideachta geallta lena linn, ón 31 Eanáir - 7 Feabhra.

Ar ndóigh, is e na Transatlantic Sessions, buaicphointe an chead DIIMF seo, coirm ina dtiocfaidh ceoltóirí agus amhránaithe as Éirinn agus as Meiriceá le cheile o bhFóram an Mílaoise ar an 5 Feabhra.

Is fada Transatlantic Sessions ag mealladh daoine chuig a scáileáin theilifíse le sult a bhaint as an chaidreamh iontach sin idir ceol na hÉireann agus na hAlban agus an iliomad stileanna a cruthaíodh san Oileán Ur.

Faoi stiúir an fhidléara as Sealtainn, Aly Bain agus máistir an dobro, Jerry Douglas, beidh an bhuíon tí lán de laochra cheoil ón dá thaobh den Aigéan Atlantach, leithéidí Michael McGoldrick, John Doyle, Donald Shaw agus John McCusker.

Ach b’fhiú dul ann do na hamhránaithe amháin –

Cara Dillon, Karen Matheson ó Capercaillie chomh maith leis na Milk Carton Kids (ainmnithe do Grammy) agus Rhiannon Giddens ó na Carolina Chocolate Drops. Chonaic mé Rhiannon ar Hootenanny oíche na seanbhliana agus bhí sí ar dóigh.

Beidh mé féin ag dul go Doire ar an Mháirt, 2 Feabhra d’imeacht thar a bheith spéisiúil.

1916: Visionaries and their Words is teideal do sheó úr atá curtha le cheile ag an amhránaí sean-nóis, Lorcán Mac Mathúna, ceann de na chead imeachtaí ealaíona ag ceiliúradh Éirí Amach 1916.

Tá an seó bunaithe ar fhriotail agus ar spiorad Fhorógra na Poblachta á gcur i láthair fríd an cheol, an amhránaíocht agus íomhánna cartlainne a thabharfaidh léargas ar fhís cheannairí an Éirí Amach.

Cé aige a raibh a fhios go raibh ceangal láidir idir an amhránaíocht agus an chócaireacht?

Agus é ag pilleadh ó léar mór gradam idirnáisiúnta a bhuachan, dá leabhar cócaireachta taistil, Feast or Famine, tá Emmett McCourt le seo a chur i láthair darb ainm Food and Folksong: A Worldwide Irish Legacy ar an Déardaoin, 4 Feabhra. Cuirfidh Emmet síos ar an dóigh ar thug ár sinsir bia Éireannach chomh maith le hamhráin Éireannacha, ar fud na cruinne.

Ar an ócáid, beidh ceol ó The Henry Girls, Mary Dillon, Kathleen MacInnes, Alan Burke, Daoirí Farrell agus Kate Crossan – chomh maith le canapés galánta.

Nach deas an meascán e seo de na healaíona traidisiúnta!

Beidh Flook i gcónaí i measc an ngrúpaí is fearr le daoine agus sa Glassworks ar an Satharn, 6 Feabhra cluinfear an meascán iontach sin de cheol traidisiúnta agus snagcheol agus cibé eile den chead uair ó phlódaigh siad an halla ag Fleadh Cheoil 2013. Beidh Adam Holmes & the Embers, ceann de na cumadóirí/amhránaithe is mó gealladh in Albain ar an bhille chomh maith.

Tá an choirm á cur i láthair ag An Droichead agus TradSoc Ollscoil Uladh.

Anuas air seo uilig, le linn na féile, beidh beocht iontach in acadamh úr cheoil Chultúrlann Uí Cianáin, atá baiste as Caoimhín Uí Dhochartaigh.

Chomh maith leis na ceardlanna a mbeidh scoth na gceoltóirí, na n-amhránaithe agus na ndamhsóirí páirteach iontu, beidh an foirgneamh á oscailt go hoifigiúil le coirm cheol ar an Domhnach 7 Feabhra le leis an chead léiriú de 100 Fiddles at 55° North le Neil Martin.

Mar bharr ar an sonas, beidh imeachtaí ar siúl i mbeáir agus i gcaifelanna ar fud na cathrach agus Sasquatch, seó iontach le Gabriel Rosenstock.