Irish-Language

Stair na n-uasal agus na n-íseal á haithris ar chlocha cinn Ghlas Naíon

Deirtear go bhfuil níos mó ná milliún duine faoin fhód i reilig Ghlas Naíon i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Meallann an reilig ina bhfuil cuid de na daoine is cáiliúla in Éirinn curtha na sluaite gach bliain, mic léinn Phádaí ina measc (thíos)
Deirtear go bhfuil níos mó ná milliún duine faoin fhód i reilig Ghlas Naíon i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Meallann an reilig ina bhfuil cuid de na daoine is cáiliúla in Éirinn curtha na sluaite gach bliain, mic léinn Phádaí ina measc (thíos)

Is iomaí lá sa chill orainn a deirtear ach is mór is fiú lá breise a chaitheamh i reilig Ghlas Naíon i mBaile Átha Cliath.

Is sa reilig seo a cuireadh an chuid is mó de na daoine is cáiliúla i stair na tíre seo – Daniel O’Connell, Michael Collins agus Éamon de Valera ina measc.

Go deimhin, ba é an Conallach a bhunaigh an reilig sa bhliain 1832 agus é ag iarraidh go mbeadh seirbhís cheart adhlactha ar fáil do na Caitlicigh a bhí go mór faoi leatrom ag an am.

Reáchtálann treoraithe turais gach lá agus is ag uaigh Chaoimhín de Barra a thosaíonn an turas.

Ní raibh ach ocht samhradh déag slánaithe ag de Barra nuair a cuireadh chun báis é sa bhliain 1920. Gabhadh é agus é i mbun luíocháin ar na saighdiúirí Sasanacha sa phríomhchathair.

Béal dorais, nó béal uaighe leis, tá Ruairí Mac Easmainn a ndearnadh ridire na hImpireachta de agus a gabhadh ag tabhairt na mílte raidhfil isteach ag Banna Strand in aice le Trá Lí i gContae Chiarraí.

Leanann an turas ar aghaidh chuig lusca Daniel O’Connell agus b’fhéidir chuig an uaigh is deise sa reilig. Tá conair O’Connell taobh istigh de thuma marmair a bhfuil poill ina taobhanna aige, agus is féidir do lámh a leagan ar an chonair dharach taobh istigh den tuama. Fuair O’Connell, an duine a throid ar son cearta daonna ar feadh a shaoil, fuair sé bás in Genoa ar a bhealach chun na Róimhe sa bhliain 1847. Rinne sé achainí ar leaba a bháis go gcuirfí a chroí chun na Róimhe, go gcuirfí a chorp go hÉirinn agus go gcuirfí a anam chun na bhFlaitheas.

Tá na mianta seo scríofa go healaíonta ar na ballaí taobh istigh den tuama. Seasann cloigtheach os cionn na huaighe atá breis agus céad seasca troigh ar airde.

Is doiligh a chreidbheáil gur thug an tUrramach Ian Paisley cuairt ar lusca fhuascailteoir na gCaitliceach roinnt blianta sula bhfuair sé féin bás.

Ag fágáil an Chonallaigh i do dhiaidh leanann tú ar aghaidh chuig uaigh Charles Stewart Parnell. Murab ionann agus an Conallach, tá Parnell curtha le cosmhuintir na hÉireann, rud a theastaigh uaidh féin, gan ach carraig mhór leis an sloinne Parnell greanta uirthi os a chionn.

Ó thús go deireadh a shaoil, bhí dhá aidhm ag Parnell – Rialtas Dúchais agus cearta tionóntaí dá gcuid talaimh féin.

Rinne sé féin agus Michael Davitt obair mhór ar son na mbocht. Nuair a fuarthas amach, áfach, go raibh caidreamh idir é féin agus Kitty O’Shea a bhí pósta ar William O’Shea, ba é sin tús a dheiridh. Tá Rí gan coróin na hÉireann ina luí go ciúin le breis agus céad bliain i gcuideachta na mbocht a ndearna sé an oiread sin le cuidiú leo.

Thart ar chéad slat ar aghaidh, tá iarUachtarán agus iarThaoiseach na hÉireann Éamon de Valera ina luí i gcuideachta a mhuintire féin. Níl ach cros bheag os a chionn agus cuma bheag ar an uaigh inchurtha le O’Connell agus le Parnell fiú.

Luíonn a mhac Brian in aice leis a maraíodh i dtaisme marcaíochta i bPáirc an Fhionnuisce. Is cosúil gur thit Brian bocht de chapall nuair a bhuail sé in éadan crainn agus gurbh í mian de Valera nár mhaith leis a bheith curtha in aice le crainn nuair a gheobhadh sé féin bás.

Tá uaigheanna na bPoblachtánach cúpla bomaite de shiúl na gcos ó uaigh de Valera. Grace Plunkett, Maude Gonne Mc Bride, Sean Mc Bride, John Devoy, John Daly, an Chuntaois Markievicz agus cuid mhór mhór eile, iad uilig ina luí faoi chré an cille.

Is dócha gurb é uaigh Dhiarmada Uí Dhonnabháin Rossa an ceann is clúití sa cheantar seo. Seoladh corp an tseanFhínín go Éirinn nuair a fuair sé bás sa bhliain 1915 agus ba é Ned Daly agus Thomas Clarke a rinne cinnte de go mbeadh ócáid mhór ann dá shochráid.

Ar ndóigh, ba é an Piarsach a chum agus a thug an óráid ag uaigh Uí Dhonnabháin Rossa atá fós beo i mbéal an phobail agus a d’adhain tine na saoirse. Tháinig aisteoir amach agus mé i mo sheasamh ag uaigh Uí Dhonnabháin Rossa gur léigh sé an óráid. Chuirfeadh sé na ribí gruaige ina seasamh ar do mhuineál.

Má thosaíonn an turas ag uaigh fir óig, is ag uaigh fir óig eile a chríochnaíonn sé. Is é uaigh Mhicheáil Uí Choileáin an ceann is mó a dtugtar cuairt uirthi. Is cuma cén lá, cén tseachtain nó cén mhí a dtugann tú cuairt ar a uaigh, beidh bláthanna agus fleascanna uirthi. Tagann daoine as tíortha iasachta fiú le hómós a thabhairt dó. Ba é tórramh an Choileánaigh an ceann ba mhó riamh i nGlas Naíon.

D’fhreastail breis agus trí chéad míle duine ar an tórramh nuair a cuireadh é ar an dara lá de mhí Lúnasa 1922.

Tá gach uaigh i nGlas Naíon go díreach mar a bheadh caibidil as leabhar staire ann agus cé go raibh cuid mhór ach ina naimhde tráth, tá siad ina luí gan focal astu anois.