Irish-Language

Cuireann Conall aithne níos fearr ar Ghaeltacht Thír Chonaill

<em>CONALL &Oacute; M&Aacute;IRT&Iacute;N: &Aacute;it ar leith &iacute; T&iacute;r Chonaill mar gheall ar an teanga, ar an t&iacute;rdhreach, ar na sc&eacute;alta agus ar na daoine. Chaith Conall seal ina measc le blaiseadh beag de Ghaeltacht Uladh a fh&aacute;il</em>
CONALL Ó MÁIRTÍN: Áit ar leith í Tír Chonaill mar gheall ar an teanga, ar an tírdhreach, ar na scéalta agus ar na daoine. Chaith Conall seal ina measc le blaiseadh beag de Ghaeltacht Uladh a fháil

Is iomaí duine againn a chuaigh chun na Gaeltachta agus muid ag freastal ar choláistí samhraidh, ag baint suilt as an tsaoirse mar nach dtig le dream ar bith seachas déagóirí a dhéanamh.

Ach níor chuir bunus againn aithne ar na háiteanna nó ar na daoine mar ba cheart as siocair muid a bheith ag rith i ndiaidh na gcailíní agus na mbuachaillí agus ag imirt cisphile nó leadóg tabla.

Sa tsraith úr de Ar Bhealach na Gaeltachta, beidh an láithreoir Conall Ó Máirtín ag tabhairt cuairt ar na hoileáin agus ar na ceantair ar an chósta i nGaeltacht Dhún na nGall, mar a gcuirfidh sé aithne ar na daoine a bhfuil cónaí agus obair acu iontu. 

An Luan seo chugainn, beidh Conall ag taisteal ar fud na gceantar Gaeltachta is lú a bhfuil eolas ag an phobal orthu ar an chósta i dTír Chonaill, agus tabharfaidh sé leis maorgacht, atmaisféar agus áilleacht an chontae ghairbh ghalánta seo. Tabharfaidh sé léiriú ar anam Dhún na nGall trí mhuintir, trí chultúr, trí cheol agus trí stair an chontae, ceann de na ceantair is áille agus is neamh-mhillte in Éirinn.

Sa chéad chlár, tabharfaidh Conall cuairt ar leithinis Fhánada, mar a bhfaighidh sé amach faoi smaointe gnó nideoige agus tránna atá chomh hálainn sin go mbainfeadh siad an anáil díot. Nochtann sé stair an cheantair agus tionchair na dtaoiseach áitiúil ar an chuid seo de Dhún na nGall agus buaileann le teaghlach feirmeoirí sa cheantar a bhfuil tréad éagoitianta ag innilt ina gcuid páirceanna.

“Bhí an dúspéis agam sa stair, sa tsaibhreas teanga agus cultúir agus thar rud ar bith eile, i spiorad na bpobal atá le fáil feadh chósta Dhún na nGall agus sna hoileáin ann,” arsa Conall Ó Máirtín, láithreoir an chláir.

“Fiú an duine is mó a bhíonn ar cuairt sa chontae, gheobhaidh sé seoda atá i bhfolach ar an tsaol sa tsraith seo. Leis an fhírinne a rá, thug sé léargas úr dom ar chontae a mheas mé go raibh eolas maith agam air.”

Níos faide anonn sa tsraith, beidh Conall ag dul thar Dhroichead Harry Blaney, droichead a nascann Fánaid le leithinis Ros Goill, agus taistealaíonn sé go Bá na Maoile Rua, áit nach bhfuil ach ceithre theaghlach ina gcónaí ann. 

Agus é ag leanúint leis thart ar cheann tíre Ros Goill, foghlaimíonn sé faoi mhiotais agus fhinscéalta ó mhuintir na háite, a roinneann cuid den stair mhuirí atá acu leis. Nach iadsan atá in ann seó a dhéanamh fosta!

Bainfidh Conall lán na súl as radhairc Inis Bó Finne in iarthuaisceart Dhún na nGall, agus ansin rachaidh sé níos faide amach san Aigéan Atlantach go Toraigh. Gheobhaidh sé amach faoin stair agus faoi thionchar Naomh Colm Cille ar Thoraigh, agus chomh maith leis sin, cuirfear ar an eolas é faoin dóigh a mbíonn an pobal beag seo ag teacht slán – ní hamháin sin, ach bíonn rath agus bláth orthu – chomh fada sin amach ón tír mór.

Sa chlár deiridh den tsraith, beidh Conall ag bogadh níos faide ó dheas i gContae Dhún na nGall chuig Oileáin na Rosann. 

An chéad áit a mbeidh sé ann ná Inis Mhic an Doirn, oileán atá chóir a bheith tréigthe anois, agus a fuair a ainm Béarla ó Dhiúc Rutlainne san 18ú haois. 

Ní bhíonn d’áitritheoirí ann anois ach dornán daoine a bhíonn ag teacht don tséasúr agus tréad níos éagoitianta de bheithígh Ultacha. 

Taobh thall d’Inis Mhic an Doirn, tá Árann Mhór, an t-oileán is mó i nDún na nGall. Is é an t-oileán Gaeltachta seo an stad deiridh a bheas ag Conall agus é ar a chamchuairt thart ar an chontae. 

Is oileán é Árann Mhór, a bhfuil saibhreas staire agus béaloidis ag baint leis, agus a bhí ag brath roimhe seo ar thionsclaíocht na hiascaireachta, gnó a bhfuil meath ag teacht air le blianta beaga anuas. 

Tugann Conall cuairt ar scoil áitiúil atá ag teacht i mbláth ar a lán dóigheanna agus aimsíonn sé croí beo phobal seo an oileáin. 

Fiú Méabh Nic Alastair, léiritheoir na sraithe, is iontach go deo an méid a d’fhoghlaim sí agus í ag déanamh na gclár.

“An iarraidh seo, chaith muid a lán ama ar na hoileáin, agus is mór an sult a bhain mé as sin,” ar sí.

“Is áiteanna thar a bheith maorga iad, ach is iad na pobail atá ina gcónaí iontu ar an chósta an rud is suntasaí domsa. 

“Ba mhór an phribhléid aithne a chur ar mhuintir na gceantar Gaeltachta seo nach bhfuil mórán eolais ag an phobal orthu. Is daoine teochroíocha, flaithiúla iad agus tá mé cinnte gur mór an pléisiúr atá roimh an lucht féachana agus roimh Chonall ar a bhealach ó leithinis go hoileán feadh chósta Dhún na nGall.”

Beidh Ar Bhealach na Gaeltachta, léiriú de chuid Imagine Media, le feiceáil Dé Luain, 11 Iúil ar BBC Two NI ar a 10 i.n.