Irish-Language

Is mithid do Ghaeil buntáistí na teanga a chraobhscaoileadh agus an leatrom a throid

   <b>DEARG LE FEARG: </b>L&eacute;irigh pobal na Gaeilge go bhfuil siad s&aacute;sta dul i mbun ag&oacute;id&iacute;ochta lena gcearta a chosaint in ead&aacute;n leith&eacute;id&iacute; Edwin Poots agus Paul Girvan, air&iacute; DUP a raibh c&uacute;raim&iacute; chur chun cinn na Gaeilge orthu beirt ach n&aacute;r suim leo an Ghaeilge d&aacute;r leis an Dr Neil Comer &oacute; Chomhaltas Uladh
DEARG LE FEARG: Léirigh pobal na Gaeilge go bhfuil siad sásta dul i mbun agóidíochta lena gcearta a chosaint in eadán leithéidí Edwin Poots agus Paul Girvan, airí DUP a raibh cúraimí chur chun cinn na Gaeilge orthu beirt ach nár suim leo an Ghaeilge dár leis an Dr Neil Comer ó Chomhaltas Uladh

“I, personally, feel strongly that the teaching of Irish – the chief object of which is to foment antagonism to Great Britain...should not be paid for by us.”

John Andrews, Northern Ireland Prime Minister, 1942.

“No foreign language here.”

Basil Brooke, Northern Ireland Prime Minister, 1945, during a speech in Irish by Nationalist MP Eddie McAteer.

“Apparently certain local authorities in County Down are at the moment naming streets in a language which is not our language and I do not think that should be allowed.”

Brian Faulkner, Ulster Unionist Party MP, Stormont Parliament, 1949. 

Ní inniu nó inné a thosaigh an naimhdeas atá ag polaiteoirí aontachtacha don Ghaeilge. Is éigean a rá ag an tús, ar ndóigh, nach ionann polaiteoirí Aontachtacha agus an pobal Protastúnach, nó Aontachtach nó Dílseach féin.

(Más PAD an Ghaeilge atá ar PUL, an bhfuil cead againn Padaithe a thabhairt orthu?)

Ar na hAontachtaithe a raibh cúraimí na Gaeilge orthu, bhí Edwin Poots a dúirt faoi Acht Gaeilge: “Advancing this proposed legislation, which is unlikely to command sufficient consensus within the community at this time, has the potential of damaging good relations, increasing polarisation and entrenching patterns of antipathy and suspicions.” agus Nelson “Irish language is still undoubtedly a weapon in Sinn Féin’s cultural war” McCausland.

Inniu, tá Paul Girvan ar thús cadhnaíochta agus é ag iarraidh an Ghaeilge a smachtú. Tháinig an teanga fríd choncas, fríd ghorta, fríd chogaíocha fríd leatrom agus neamhaird – mairfidh sí i ndiaidh Paul Girvan.

Ach tá muid beo in aimsir dhifriúil ar fad, ní hionann sochaí an lae inniu agus an tsochaí inar fhás ar sinsear aníos. Tá dlús i bpobal na Gaeilge nach raibh ann roimhe seo, dar liom. 

Ní amháin sin ach tá muid beo i sochaí ina bhfuil i bhfad níos mo tábhachta á thabhairt do chearta an duine agus do chearta ghrúpaí.

Sin an fáth go bhfuil Conradh na Gaeilge in ann cás cúirte a thógáil in éadan an Fheidhmeannais ag maíomh nach bhfuil sé ag comhlíonadh na ngealltanas a tugadh i gComhaontú Chill Rímhinn agus tá cás cúirte le tabhairt in éadan Paul Girvan, an tAire Pobal, mar gheall ar a chinneadh deontais do dhaoine óga faoi mhíbhuntáiste a chur chun na Gaeltachta.

Cluinfear an chéad chás ar an 8 Feabhra go bhfios dom agus beidh le feiceáil cad é a thiocfaidh amach as ach tá dóigheanna eile ann leis an teanga a chur chun cinn.

Tá muid ceangailte cuid mhór ar na meáin shóisialta mar sin ní ga dúinn dul i muinín na mórmheán cumarsáide leis an “nuacht” a fháil. 

Thig linn ár dtaithí agus ár mbarúlacha a roinnt go héascaí anois.

Bhí dhá mhórshiúl Dearg le Fearg go dtí seo - an é seo an t-am do cheann eile?

Creidim go diongbháilte go raibh na mórshiulta sin iontach tábhachtach cionn is gur léirigh siad “aghaidh dhaonna” phobal na Gaeilge. 

Creidim go bhfuil urlabhraithe cumasacha taobh amuigh de na páirtithe polaitíochta a dtig leo cas na Gaeilge a chur chun cinn go héifeachtach. 

Creidim fosta go bhfuil géarghá le feachtais feasachta faoin Ghaeilge. Faoi stair na teanga - creideann cuid acu gur teanga í a chum de Valera! -  faoi na buntáistí a bhaineann le hí a fhoghlaim, faoi na buntáistí atá le í a chur i gcroílár an tsochaí anseo.

Tá na dosaein tuairisc foilsithe faoin dátheangachas agus an dóigh a gcuidíonn sé le foghlaim i measc ní amháin daoine óga a gcuireann sé feabhas ar a scileanna cognaíocha ach deirtear go gcoinníonn sé an néaltrú siar chomh maith.

Chuideodh feiceálacht na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh le turasóirí a mhealladh anseo agus bheadh borradh faoi na healaíona Gaeilge.

Cé a chreidfeadh 40 bliain ó shin go mbeadh an oiread sin daoine ag obair in earnáil na Gaeilge? Cuireann an teanga go mór le deiseanna fostaíochta i scoileanna, in eagraíochtaí teanga, sna meáin agus i réimsí eile.   

Agus an scrios seo atá déanta ag Paul Girvan ar scoláireachtaí Gaeilge, ní thiocfadh le duine ar bith a chaith seal ag foghlaim na Gaeilge a leithéid a dhéanamh.

Tá an oiread sin de thairbhí le baint ag páistí agus ag daoine fásta gur ceart go mbeadh sé ar an NHS!

Cuidíonn sé le sochaí níos folláine a dhéanamh.

Tá ráite ag Neil Comer, Uachtarán ar Chomhaltas Uladh Tánaiste le Conradh na Gaeilge, go n-amharcann a eagraíocht ar an chinneadh a ghlac an tAire Pobal deireadh a chur le scéim sparánachtaí Líofa mar ionsaí suarach ciniciúil i gcoinne na Gaeilge, gan chosaint gan réasún; cinneadh a glacadh d’aon turas i gcoinne na teanga.”

Dúirt an Dr Comer go raibh sé ag éileamh ar gach páirtí polaitíochta seasamh a ghlacadh “i gcoinne an ghnímh leithchealaigh seo. 

“Is coláistí trasphobail iad ár gColáistí Samhraidh, agus bíonn deis ag páistí faoi mhí-bhuntáistí airgeadais ó gach cúlra agus ón dá thaobh den phobal leas a bhaint as an scéim sparánachta seo.

“Rachaidh an cinneadh seo i bhfeidhm ar bhreis agus cead foghlaimeoir Gaeilge. Is tábhachtach cinneadh an Aire a chur i gcomhthéacs na géarchéime airgeadais i Stormont i láthair na huaire, agus timpeall leath-bhilliún punt d’airgead poiblí curtha iomlán amú. 

“Ní freagra ar bith é ar an ghéarchéim sin deireadh a chur le scéim rathúil a chuidigh le daoine atá faoi mhí-bhuntáiste airgeadais.”

Is é an comhghrúpa An Dream Dearg a bhí taobh thiar den Lá Dearg, an grúpa atá taobh thiar den agóid ag oifigí na Roinne Pobal Déardaoin seo chugainn.

Tá suaitheantas dearg ann fosta ina bhfuil fáinne a dtig le daoine úsáid a bhaint as ar na meáin shóisialta le cur in iúl go bhfuil siad i bhfach leis an Ghaeilge.