Irish-Language

Treoir shimplí ar na ceisteanna móra a bhaineann leis an Bhreatimeacht

<b>MUIN&Iacute;N?: </b>T&aacute; cuma &eacute;iginnte go leor ar David Davis, pr&iacute;omh-idirbhearta&iacute; na Breataine ag na cainteanna Breatimeachta a thosaigh sa Bhruis&eacute;il an tseachtain seo
MUINÍN?: Tá cuma éiginnte go leor ar David Davis, príomh-idirbheartaí na Breataine ag na cainteanna Breatimeachta a thosaigh sa Bhruiséil an tseachtain seo

Tá clú agus cáil ar Ghaeltacht Bhéal Feirste fud fad na tíre agus í aitheanta go forleathan mar eiseamláir cumhachtach den athbheochan phobalbhunaithe uirbeach. 

Bheul, caithfidh mé a rá go bhfuil an chaint seo uilig faoin Bhreatimeacht ag cur mearbhaill orm. 

Teorannacha crua agus boga, saorthrádáil, an tAontas Custam, etc., cad é faoi Dhia an chiall atá leo? Cad é an Ghaeilge atá orthu? 

Mar sin de, seo chugaibh The Bluffer’s Guide to Brexit.

An t-ainm ar tús. Bhí coraíocht lámh idir dhá fhocal, Breatimeacht (an Bhreatain agus imeacht) agus Sasamach (Sasana agus amach) agus bhí an bhua ag an chéad fhocal cé gur mó an chiall i ndeireadh na dála a bheidh leis an dara focal má tharlaíonn sé go mbaineann Alba neamhspleáchas amach agus go bhfaigheann na Sé Chontae stádas speisialta amach.

Ach cad é mar a cruthaíodh an ollphéist seo na Breatimeachta?

Bhuel, riamh anall bhí daoine sa Páirtí Coimeádach a raibh an dearg-ghráin acu ar an mhór-roinn ar chúiseanna áirithe, go leor acu samhnasach go maith.

Nuair a bunaíodh an Cómhargadh mar a tugadh air fadó, bhí amhras ar an Bhreatain faoi Uachtarán na Fraince agus a mhalairt, mar sin, ní raibh Sasana mar chuid den ghrúpa nuair a bunaíodh é i 1956.

(Bhí an naomh Éireannach, Columbán, ar cheann de na daoine a spreag lucht a bhunaithe).

Ghlac sé 17 mbliana sular chláraigh an Ríocht Aontaithe leis an Chómhargadh Eacnamaíochta Eorpach, Éire faoi stiúir Liam Cosgrove á comóradh ag an am céanna.

Tá athruithe móra i ndiaidh teacht ar an eagraíocht ach tá rud amháin nár athraigh riamh - o shin i leith, tá sé ina chogadh dearg idir na coimeádaigh fhtacaíochtarith-Eorpacha sin agus lucht tacaíochta na heagraíochta.

(Ar ndóigh, tá daoine ar an eite chlé a chreideann gur chumann d’fhir shaibhre atá san Aontas Eorpach agus atá i bhfách le scaradh uaidh.) 

Bliain i ndiaidh bliana bhíodh raic i measc na dTóraithe ar cheist na hEorpa go dtí gur chinn an Príomh-Aire, David Cameron, reifreann a reáchtáil le guth a thabhairt do “na daoine” ar cheist a mballraíochta san Aontas Eorpach mar atá ar an eagraíocht ó 2009 ar aghaidh.

Is dócha nár chreid Cameron riamh go mbeadh bua ag na liúdramáin a bhí ag stiúradh fheachtas na Breatimeachta, na bréagadóirí agus a mbananaí díreacha agus £350m sa tseachtain don tSeirbhís Náisiúnta Sláinte.

Ach, ar an 23 Meitheamh 2016, vótáil Sasana agus an Bhreatain Bheag ar son imeachta agus Alba agus tuaisceart Éireann ar son fanacht. 

Ach sin an stair. Cad é faon ama atá le teacht? Cad iad na ceisteanna móra?

Cad é an difir idir teorainn chrua agus teorainn bhog, mar shampla?

Is é atá sa teorainn chrua na teorainn atá faoi smacht agus á cosaint ag oifigigh Chustaim, ag Póilíní nó ag saighdiúirí. An mbeidh scuainí fada ag an teorainn agus teorainn chrua i réim in Éirinn? 

Tá 200 áit a dtig leat dul trasna na teorann in Éirinn, gach mí trasnaíonn 177,000 leoraí,  208,000 veain agus 1,850,000 gluaisteán an teorainn céanna. De réir alt ar an Guardian, téann tuairim’s ar 30,000 duine trasna na teorann ar bhonn laethúil.

Baineann gné fíor-thábhachtach eile leis an teorainn chomh maith, ballraíocht san Aontas Custam. 

Gearrann gach stát de chuid an AE na dleachtanna iompórtála ceanna (the same import tarriffs) ar earraí a thugtar isteach ón choigríoch. Na héadaí a cheannaíonn tú i Primark, an caife a ólann tú in Costa, an t-uanfheoil ón Nua Shéalainn a itheann tú, íoctar dleachtanna iompórtála orthu sin uilig. Má ardaítear na dleachtanna sin, rachaidh praghsanna in airde ach o tharla go bhfuil brú ar dhaoine gan mórán airgid a chaitheamh agus an todhchaí iar-Brexit thar a bheith éiginnte, druidfear níos mó siopaí, idir bheag agus mhór.   

Níos tábhachtaí na an tAontas Custam, tá an margadh aonair (the single market).

Mar chuid den Mhargadh Aonair, is éigean go mbeadh gluaiseacht shaor earraí, daoine, seirbhísí agus chaipitil ó bhallstát amháin go dtí ceann eile.

Faigheann “na ceithre shaoirse” réidh de constaicí trádála agus comhchuibhíonn siad rialacha náisiúnta ag leibhéal an AE.

Ní bheidh an Ríocht Aontaithe mar chuid de seo i ndiaidh na Breatimeachta agus sin an fáth go bhfuil páirtithe polaitíochta thuaidh agus theas ag iarraidh go mbeadh stádas speisialta ag an tuaisceart sa chas sin.

Cad é an rud é” stádas speisialta.”

Bhuel, ligfidh sé do TÉ bheith mar chuid den mhargadh aonair agus go mbeadh sé i dteideal gach maoiniú ón AE; bheadh rochtain ag an tuaisceart ar Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (the European Court of Justice), ar an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine (the European Court of Human Rights) agus ar chomhshocruithe earnála an AE (EU sectoral agreements).

Tá an idirbheartaíocht tosaithe cheana agus gach páipéar dár léigh mé (i mBéarla agus i Spáinnis) ar aon intinn gur ag an Aontas Eorpach atá an lámh in uachtar cheana féin.

Bhí rialtas Theresa May diongbháilte go dtosódh na comhchainteanna le cúrsaí trádála ach ní sin an rud atá bainte amach ag David Davis, ceann feadhna na Sasanach sna hidirbheartaíochtaí.

Agus é ar a bhealach chun na Spáinne inné, b’éigean do David a admháil go gcaithfeadh an Bhreatain cloí leis an chlár ama atá leagtha síos ag an AE.

Sula dtosódh cainteanna ar an trádáil, b’éigean socruithe maidir leis an bhille don Bhreatimeacht, an teorainn in Éirinn agus cearta saoránach de chuid an Aontais Eorpaigh bheith aontaithe sula mbogfadh an plé ar aghaidh go cúrsaí trádála.

Is cuma cé acu tá tú i bhfách leis an Bhreatimeacht nó ina héadan, ba dheas é muinín a bheith agat sa duine a bhí ag déanamh idirbheartaíochta ar do shon. 

Má leanann an Bhreatain ar aghaidh mar atá sí, tchí Dia an deireadh a bheidh leis!