Irish-Language

An bhréag tugtha ar twitter go bhfuil an Bhreatain faoi smacht ag an AE

<b>JACOB REES-MOGG: </b>T&aacute; r&aacute;ite ag an fheisire Coim&eacute;adach: &ldquo;Our democracy will once again make our laws&rdquo; ach, d&eacute;anta na f&iacute;rinne, is beag tionchar at&aacute; ag an Aontas Eorpach ar reachta&iacute;ocht Westminster agus cib&eacute; tionchar at&aacute; aige, is le leas na ndaoine cuid mh&oacute;r de
JACOB REES-MOGG: Tá ráite ag an fheisire Coiméadach: “Our democracy will once again make our laws” ach, déanta na fírinne, is beag tionchar atá ag an Aontas Eorpach ar reachtaíocht Westminster agus cibé tionchar atá aige, is le leas na ndaoine cuid mhór de

I gCIONN 65 lá, beidh an Ríocht Aontaithe ag fágáil an Aontais Eorpach.

Faoi láthair, níl a fhios ag aonduine cad é an cruth a bheidh ar an deighilt stairiúil seo nuair a thiocfaidh sé; cad é an tionchar a bheidh aige ar Éirinn; cad e na nascanna trádála a bheidh ag an Ríocht Aontaithe le tíortha eile taobh amuigh agus taobh istigh den Aontas Eorpach; cad é an tionchar a bheidh aige ar inimircigh atá ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe faoi láthair agus ar eisimircigh (sorry, ex-pats) Bhreataineacha atá ina gcónaí san AE; cé acu fanfaidh Alba mar chuid den Ríocht Aontaithe agus, ar ndóigh, an gcuirfear dlús faoin ghluaiseacht i dtreo Éireann Aontaithe?

Níl anseo ach cuid de na ceisteanna nach mbeidh réiteach orthu go dtí go dtarlóidh events, dear boy, events, mar a dúirt Harold Macmillan, idir seo agus an 29 Márta.

Ach tá rud amháin cinnte – bhí fios a ngnoithe ag lucht Breatimeachta sular chaith siad a vótaí le “cumhacht a fhail ar ais” óna maistrí san Eoraip. 

Nó an raibh?

Tá éacht déanta ag fear amháin ar twitter, Jim Grace, ar innealtóir Sasanach é. Is iomaí uair a chuala muid an mana á aithris ag lucht tacaíochta an Bhreatimeachta agus an uile dhuine ag cáineadh diktats Eorpacha.

I dtéad a chuir Grace le chéile, déanann sé iniúchadh ar an eolas atá i bpáipéar taighde a rinne Leabharlann Theach na dTeachtaí i Westminster, páipéar darb ainm How much legislation comes from Europe? (Research Paper 10/62)

Cé gur foilsíodh é i mí Dheireadh Fómhair 2010, is dócha nach bhfuil mórán athrú ar na figiúirí ann.

De réir Grace, bhí tionchar ag an Aontas Eorpach ar 4,514 píosa reachtaíochta a ritheadh i Westminster as 34,105 ar fad.

Anois, as an 4.514 Acht sin, cá mhéad acu a ritheadh in éadan thoil rialtas na Breataine? An freagair - 72.

Mar sin, nuair a chluin tú faoi diktats ón Eoraip a chuir iallach ar rialtas na Breataine leas na ndaoine a chur ar leataobh le mianta uafásacha a chur i bhfeidhm, is fiú go mór amharc ar an 72 phíosa reachtaíochta atá i gceist.

Tá sé d’ádh orainn gur fhoilsigh Vote Leave cáipéis dar teideal The Cost of Britain’s Lack of Influence in the EU inar thug siad liosta den reachtaíocht dhiabhalta dhamanta a bhí an Bhruiseáil ag brú ar mhuintir na Breataine.

Ina measc, tá Council Directive 96/35/EC a bhaineann le ceapadh agus le "cáilíocht ghairmiúil comhairleoirí sábháilteachta chun earraí contúirteacha a iompar de bhóthar, d’iarnród agus d’uiscebhealach intíre" – is é sin le rá, gur chóir go mbeadh na cáilíochtaí cearta ag daoine a bhfuil cúram orthu earraí contúirteacha a iompar. 

Bhí rialtas na Breataine ina éadan seo.

Nó Directive 96/70/EC ar aontú, a oiread agus ab fhéidir, ar mhargaíocht uisce mianraí nádúrtha nó cur chuige comhsheasmhach a bheith againn maidir le bailiú sonraí ar earraí a thrádáiltear idir na Ballstáit nó Council Directive 97/12/EC a bhaineann le "fadhbanna sláinte a imríonn tionchar ar thrádáil laistigh den Chomhphobal i mbó-ainmhithe agus muca", ie bheith cinnte go bhfuil eallach agus muca sábháilte le hithe ar fud an AE.

Bhí rialtas na Breataine ina éadan seo fosta mar a bhí siad in éadan gach ceann den 72 píosa reachtaíochta. 

Go follasach, bheadh na reachtanna seo le leas na ndaoine ach b’éigean don AE brú a chur ar rialtas na Breataine le go rithfidh iad.

Bhain an chuid is mó de na reachtanna seo le sábháilteacht, le caighdeáin arda do bhia agus mar sin de.

Mar gheall ar Regulation (EEC) No 295/91, bhí mise in ann cúpla céad punt a fhail ar ais ó easyjet cionn is go raibh mo thuras ó Bhéal Feirste go Newcastle seacht n-uair a chloig mall.

Mar sin, nuair a labhraíonn lucht tacaíochta an Bhreatimeachta ar na dlíthe a brúdh ar an Bhreatain agus ar athsheilbh ar a gcumhachtaí reachtaíochta a ghlacadh ar ais ón Bhruiséil, níl siad ag caint ar oll-smacht an Aontais Eorpaigh, tá siad ag caint ar rialacha ciallmhara a chuideoidh leis an ghnáthshaoránach.

Caithfidh gur seo an feachtas is mó bréag nó cur i gceall nó is mó bob buailte i stair na Breataine.

Tá a fhios againn uilig faoin bhréag mhór a mhaígh go rachadh £350 milliún isteach sa chóras náisiúnta sláinte gach seachtain ach tá na mílte bréag á inse ar bhonn laethúil maidir leis an inimirce, leis an teorainn Bhriotanach in Éirinn agus ní ní fios cad é eile.

An socrú simplí teicneolaíoch a bhainfeadh teorainn bhog amach; na socruithe trádála a gheall Liam Fox ag tús an fheachtais; na socruithe simplí eile a chiallódh nach mbeadh fadhb ar bith ag comhlachtaí iompair ag poirt Shasana agus na mór-roinne.

Agus má luaitear na fadhbanna móra a d’fhéadfadh bheith ar an bhealach, tugtar “togra an eagla” air.

Chí Dia cad é atá romhainn má thiocfaidh an Breatimeacht san socrú isteach agus an iliomad tionchar a bheidh aige ar shaol laethúil gach duine againn.

An t-am sin, beidh a fhios againn an raibh bunús ar bith leis na foláirimh a bhí daoine á dtabhairt.