TÁ A FHIOS ag madaí na sráide ar an Lorgain, scéal an chú iomráitigh Master McGrath. Tháinig an cú – a bhain cáil idirnáisiúnta amach i saol na cúrsála giorriacha – ar an tsaol i nDún Garbháin i bPort Láirge sa bhliain 1866.
Chuir Charles Brownlow, Tiarna na Lorgan, agus an té ar leis Caisleán Brownlow, chuir seisean cú eile dá chuid go Port Láirge le cúpláil le cú de phór maith a bhí thíos ansin.
D’éirigh leis an chúpláil agus cuireadh sé chú as an ál chuig an Lorgain agus tugadh do Brownlow iad.
Nuair a chonaic an Tiarna ancoileán beag a raibh an chuma air go raibh sé ar bhallán stéille an mhadaidh, d’iarr sé ar ghiolla óg dá chuid é a thabhairt chuig an loch agus é a bháthadh. Mhothaigh an giolla óg trua don choileán bheag a bhí chomh lag le sop, a dhála féin, agus ní ligfeadh croí mór an ghiolla an coileán lag a bháthadh.
Ina áit sin, chuir sé i bhfolach sna stáblaí ar thailte an chaisleáin é agus thug sé togha na haire dó.
De réir a chéile, chuaigh an coileán i láidreacht agus sa deireadh bhí sé láidir go leor go raibh sé ábalta dul ar shiúlóid leis an ghiolla thart an pháirc ar thailte an chaisleáin.
Cé a casadh air agus é amuigh ag siúl leis an choileán, áfach, ach Charles Brownlow?
Shíl an giolla go n-éireodh Brownlow colgach leis agus go mbáfadh a shaoiste an cú agus go bhfaigheadh sé féin bata is bóthar.
Is cosúil, áfach, gur tháinig athrú intinne ar Brownlow agus gur mheasa a ghloim ná a ghreim.
D’iarr sé ar an ghiolla óg an coileán a thabhairt chuig cró na madaí. Bhí lúcháir mhór ar an ghiolla óg nuair a chuala sé sin agus thóg sé an coileán le é a thabhairt chuig cró na madaí.
Agus é ag tógáil an choileáin, tiontaigh Brownlow chuige agus d’iarr a ainm air.
“McGrath, a mháistir’, arsa an giolla óg, agus dúirt Brownlow go mbeadh an t-ainm sin ar an chú feasta. De réir a chéile, d’éirigh an cú beag iontach gasta agus chuir sé iontas ar thraenalaí na gcúnna, John Walsh, a lúfaire a bhí sé.
Bhí suim as cuimse ag Brownlow sa chúrsáil giorriacha agus sa bhliain 1869, shocraigh Brownlow agus John Walsh go gcuirfeadh siad Master Mc Grath isteach ar Chomórtas an Waterloo Cup do chúrsail giorriacha in Lancashire Shasana.
Nuair a chonaic na traenalaithe eile i Sasana Master Mc Grath chuaigh siad a mhagadh air.
Thug siad an “mongral míofar” air agus rinne siad madadh draoibe de Brownlow féin. Chuir lucht a mhagaidh isteach ar Brownlow an oiread sin go raibh sé ag dul a tharraingt a chú amach as an chomórtas.
Ní ligfeadh a thraenalaí, John Walsh a chnámh leis an mhadadh, áfach, agus chuir seisean comhairle ar Brownlow, a rá go bhfaigheadh lucht a mhagaidh a gcíoradh go fóill.
Ní theitheann cú roimh chnámh, ar ndóigh, agus níor theith Master Mc Grath ná Brownlow ná Walsh roimh mhagadh.
Bhí Master McGrath chomh gasta le giorria agus níos lúfaire arís agus ba é a bhuaigh an comórtas agus bhí gol a ngáire ag lucht a mhagaidh.
Cuireadh Master McGrath isteach ar an chomórtas an bhliain dár gcionn agus é in éadan churadh na hAlban agus rogha na coitiantachta, Lady Lavinia.
Nuair a tháinig an crú ar an tairne, áfach, ba é McGrath an curadh don dara bliain as a chéile agus bhuaigh sé an comórtas céanna gan lá braodair.
Tharraing na buanna iontacha seo clú agus cáil ar an chú agus, ar ndóigh, ar Brownlow féin a raibh saol an mhadaidh bháin anois aige, mura raibh roimhe.
D’fhill siad ar Lancaster don tríú bliain as a chéile agus iad ag iarraidh trí bhua as a chéile a thabhairt leo, éachtnach ndearnadh riamh roimhe.
Bhí Brownlow chomh cinnte is a d’éirigh an ghrian an mhaidin sin go mbeadh an bua aige gur chuir sé fiche míle punt ar Master Mc Grath agus mhol sé do mhuintir na Lorgan a gcuid airgid a chur air, rud a chuir.
Bhí nimh san fheoil ag roinnt daoine thall ar Master McGrath, sa bhrí litriúil, agus cuireadh nimh i mbia Master McGrath agus níorbh fhéidir leis páirt a ghlacadh sa chomórtas.
Níorbh fhéidir le Brownlow filleadh ar an Lorgain ar feadh roinnt míonna ina dhiaidh sin agus muintir an bhaile thíos leis agus iad as póca go mór.
D’fhill Master McGrath, Brownlow agus John Walsh an bhliain ina dhiaidh sin agus bhí an bua ag McGrath arís.
Scaip clú an chú ar fud na nOileán agus chuir Banríon Shasana ag an am, Banríon Victoria, chuir sise cuireadh air teacht chuig an phálás. Níorbh fhada, áfach, a mhair an cú ina dhiaidh sin.
Fuair Master McGrath bás go tobann gan é ach sé bliana d’aois.
Bhí amhras ar Brownlow faoi bhás an chú ag aois chomh hóg sin agus d’ordaigh sé scrúdú iarbháis. Nuair a osclaíodh corp Master Mc Grath fuarthas amach go raibh a chroí dhá oiread níos mó ná croí do chú dá aois.
Ba é an rud a tharraing clú air, a chroí mór, an rud a tharraing an bás air. D’fhreastail breis agus trí mhíle duine ar thórramh Master McGrath agus deirtear gur dhúirt Brownlow nach mbeadh leathchuid acu ann dá mba é féin a fuair bás.
Tá dealbha de Master McGrath i nDún Garbháin agus ar an Lorgain i gContae Ard Mhacha i gcuimhne an chú ba ghaiste a mhair riamh.