BHÍ AN T-AM ann nuair a chreid mé nach raibh ciníochas ar bith i meon na nÉireannach ach le tamall anuas, tá mé ag fáil amach go raibh mé thar a bheith soineanta.
Bhí Éire i gcónaí iontach geal mar thír. Níl stair ar bith coilíneachta aici (seachas in Albain ach sin scéal eile!) mar sin ní raibh daoine ó thíortha a chuir muid faoi smacht ag teacht chun na tíre.
Chomh maith leis sin, ní raibh an tír chomh tarraingteach sin do dhaoine a bhí ag iarraidh saol úr a chruthú.
Ach le ré an Tíogair Cheiltí agus rath ag teacht ar an tír – cé cur neamhbhuan agus éadomhain é – thosaigh daoine ag teacht go hÉirinn, thuaidh agus theas, daoine geala ó thíortha bochta na hEorpa agus daoine de chine daite ón Áis agus ón Afraic.
Ach ná bíodh dul amú orainn, níor rugadh an ciníochas in Éirinn le linn bhlianta an rachmais, bhí sé anseo riamh anall mar a léiríonn an Dr Bill Rolston agus Michael Shannon ina leabhar Encounters a foilsíodh in 2002.
Is annamh a casadh orm leabhar ina raibh fírice nó fíricí dochreidte ar gach leathanach ach sin mar atá Encounters.
Anois, is doiligh liom cuid de na rudaí atá luaite sa leabhar a chreidbheáil.
Mar shampla, deir na húdair go raibh an sclábhaíocht á cleachtadh in Éirinn agus ruathair a dhéanamh ag na Gaeil ar chósta iarthar na Breataine ach nuair a tháinig na Lochlannaigh go hÉirinn, roghnaigh siad Baile Átha Cliath mar lárionad dá gcóras sclábhaíochta.
Go minic, théadh Éireannaigh agus Lochlannaigh ar ruathair sclábhaíochta go tíortha Moslamacha lena cheile, Spáinn na linne sin san áireamh.
Bíodh sin fíor nó ná bíodh, síos fríd na céadta bliain, bhí teagmháil riamh ag Éireannaigh le daoine dubha d’aicme an-íseal – drumadóirí le hairm na Breataine, striapacha, searbhóntaí agus ar aile.
Anuas air sin, cé nár casadh mórán daoine dubha ar Éireannaigh ach sa bheag, bheadh an drochmheas a spréigh Normannaigh agus Sasanaigh ar dhaoine daite inmheánaithe in Éirinn.
Mar shampla, in 1798 nuair a tháinig Humbert agus na Francaigh go Cúige Chonnacht chun cabhrú leis na hÉireannaigh in éadan Shasana, d’fhoghlaim siad nach raibh bunadh na háite róshásta bheith ag obair mar shásairí (sappers) “the more so as among the French officers over them were some men of colour from St Domingo, to whom they thought it insulting to be subjected.”
Ach, ó maraíodh George Floyd i Missouri an mhí seo caite, tá saoránaigh i dtíortha a chleacht an choilíneachas ag meabhrú ar an ról a bhí ag tír s’acu féin i gcur chun cinn an chiníochais agus tá daoine i dtíortha eile nach bhfuil an stair chéanna acu ag machnamh ar an ról a bhí ag a dtír féin, go díreach nó go hindíreach leis an sclábhaíocht.
Tá caibidil iomlán in Encounters faoin dóigh ar éascaigh aos gnó na hÉireann brúidiúlacht trádáil na sclábhaithe agus faoi na hÉireannaigh shaibhre a raibh sclábhaithe acu.
Sular imigh na longa chun na hAfraice le daoine a fhuadach agus le iad a thabhairt chun na nIndiacha Thiar agus áiteanna eile inar baineadh tairbhe as an an gáinneáil daoine seo, b’éigean na riachtanais uilig bheith ar bord na loinge le daoine a choinneáil beo ar na turasanna fada - trí mhí agus níos faide - chomh maith le hearraí a bheadh in úsáid ar na plandálacha iad féin.
Mar shampla, chaith na sclábhaithe Afracacha línéadach Éireannach agus iad ag obair sna páirceanna, rud a bhí go mór le leas cheannaithe Éireannacha. Chaith siad bróga a rinneadh in Éirinn – bhí cosa na sclábhaithe níos leithne na cosa an ghnáthEorpaigh - agus tháinig méadú mór ar líon na ngréasaí bróg i mBéal Feirste ag an tréimhse seo ach chuaigh línéadach, cruithneacht, plúr agus iasc saillte chun na bplandálacha chomh maith amach ó Laoch Lao.
Deir Thomas M Truxes ina leabhar Irish-American Trade 1660-1873: “... the rapid growth of Ireland’s provisioning capacity, largely fed by demand from the Caribbean, was one of the chief stimulants to the development of her principal seaports and market towns.”
Bhain Baile Átha Cliath, Béal Feirste, Gailimh, Corcaigh gus Luimneach tairbhe as an ghnó, ach de réir Rolston agus Shannon, bhí an soláthar seo fréamhaithe i trádáil na sclábhaithe mar chuid thábhachtach de dhul chun cinn Iúr Chinn Trá, Droichead Átha agus Port Láirge .
Measann muid gur cine atá go dlúth in éadan an choilíneachais muid mar Éireannaigh ach tá an fhianaise ann, cibé sléacht, nó cos ar bolg nó ciníochas a tharla fud fad Impireacht na Breataine, go raibh Éireannaigh páirteach ann ag leibhéal amháin nó eile.
Bhí Sir Michael O’Dwyer (as Tiorad Árann) ina leifteanant-Gobharnóir sa Phunjab i 1911 nuair a scaoil saighdiúirí Sasanacha faoi stiúir an Briogáidire-Ghinearál Reginald Dyer (arbh Éireannach é a athair) ar oll-scaife i mBaile Amritsar, ag marú 600 Indiach.
Mhol O’Dwyer an eachtra míchlúiteach seo, Sléacht Jallianwala Bagh.
Thug coimhthigh ar fud na cruinne tacaíocht do Éirí Amach na Cásca 1916, ceannairí an chine dhuibh san áireamh ach ba bheag cúiteamh a fuair siad ar a shon.
Scríobh an ceannaire Iamácach Marcus Garvey teileagram chuig Arthur Griffith á moladh as “your masterly achievement of partial independence for Ireland.”
Níor fhreagair Griffith an teileagram.
Ach ag scríobh an réamhrá do dhialann John Mitchel – fear atá go mór sa nuacht faoi láthair –dúirt Griffith faoi: ““Even his views on Negro- slavery have been deprecatingly excused, as if excuse were needed for an Irish Nationalist declining to hold the Negro his peer in right.”
Ach ní tír chiníoch í Éire. Sa toghchán deireanach ó dheas, ní bhfuair páirtithe den eite dheas (níos faide ar an eite dheas ná mar atá Fine Gael atá i gceist agam) ní bhfuair siad ach sciar bheag de na vótaí, 5% más buan mo chuimhne.
Barraíocht ach sciar bheag mar sin féin. Beidh le feiceáil an méadófar sin agus dearcaidh i bhfad ar an eite dheas á gcur chun cinn go láidir ní amháin sna meáin shóisialta ach ar na mórmheáin chumarsáide chomh maith.