Irish-Language

Tá an ceangal leis an Bhreatain ag cur bac ar an fhorbairt eacnamaíoch

<strong>DAVID MCWILLIAMS:</strong> Measann an t-eacnama&iacute; &Eacute;ireannach go mbeadh an tuaisceart n&iacute;os fearr as athaont&uacute; leis an deisceart mar a mh&iacute;nigh s&eacute; do Martina Devlin agus creideann s&eacute; go bhfaigheann an NHS barra&iacute;ocht molta
DAVID MCWILLIAMS: Measann an t-eacnamaí Éireannach go mbeadh an tuaisceart níos fearr as athaontú leis an deisceart mar a mhínigh sé do Martina Devlin agus creideann sé go bhfaigheann an NHS barraíocht molta

DÁ mBEADH  athaontú na hÉireann ag brath ar chúrsaí eacnamaíochta amháin, ní bheadh reifreann ar an teorainn de dhíth.

Ní bheadh le déanamh ach breathnú ar The All-Island Economy – How Will It Work?, comhrá idir an t-eacnamaí David McWilliams agus an scríbhneoir Martina Devlin atá ar fáil ar líne ar shuíomh idirlín Fhéile an Phobail faoi láthair.

Deir Devlin go measann cuid mhór daoine go dtiocfadh an dá dhlínse ar an oileán le

chéile mar thoradh ar dhrochthionchar an Bhreatimeachta ar na Sé Chontae ach ní rachaidh McWilliams chomh fada sin – go fóill.

“Tá an Breatimeacht i ndiaidh dlús a chur faoi ghluaiseacht sa Ríocht Aontaithe nach féidir é a stopadh,” ar sé.

“Chonaic mé Boris Johnson in Albain an tseachtain seo caite agus níl a fhios agam cad e an oidhreacht a bheidh ag Johnson, ach ina measc, b’fhéidir, beidh scaradh na Ríochta Aontaithe.”

Deir McWilliams go n-aithníonn bunús gach duine gur togra de chuid an náisiúnachais Shasanaigh atá sa Bhreatimeacht, mar sin de, tá sé eisiatach (exclusionary).

“Feiceann muid an dinimic sin in Albain. Tá daoine ag rá, má thig linn muinín a bheith againn i Nicola Sturgeon ár sláinte a chaomhnú, seans mór go mbeidh muinín againn aisti maidir lenár maoin agus lenár dtodhchaí.

“Mar sin de, tá an Breatimeacht ag cur dlús faoi ghluaiseachtaí polaitíochta thall atá ag dul i dtreo an athmhúnlaithe pholaitiúil agus tá an seans ann go bhfaighidh Alba a neamhspleáchas as sin.

“Dinimic eile atá ar siúl in Éirinn,” arsa McWilliams.

Deir sé gur casadh eile ar an léarscáil bóthair atá sa Bhreatimeacht agus síos an bóthar tá déimeagrafaic thuaisceart Éireann.

Creideann an t-eacnamaí go léireoidh an dá ghné seo agus gnéithe eile “an fhirinne lom” gur tubaiste amach is amach a bhí sa chríochdheighilt don uile dhuine in oirthuaisceart na tíre seo, náisiúnaigh, aontachtaithe, is cuma, tubaiste eacnamaíochta a bhí ann do mhuintir uile an tuaiscirt.

Agus maíonn McWilliams go bhfuil an fhianaise dosheachanta go bhfuil sé amhlaidh in Albain agus sa Bhreatain Bheag fosta cionn is go bhfuil an cumhacht lárnaithe chomh mór in i Londain, chun aimhleasa gach réigiún eile.

Go mall sa 19ú haois, bhí oirthuaisceart na hÉireann mar “silicon Valley” Eoraip na linne sin, dar leis. 

“Ba é na Sé Chontae ba shaibhre, ba nualaíche agus ba rathúla, tráth a raibh an 

deisceart ag brath go hiomlán, beagnach, ar an talmhaíocht amháin,” ar sé.

“Le teacht na criochdheighilte, shilfeá go rachadh stát nua-aimseartha an tuaiscirt go mór chun cinn agus go rachadh an deisceart níos faide in ísle brí cionn is gurbh éigean dá mhuintir imeacht thar ceal caipitil sa tír.

“A mhalairt ar fad a tharla ar ndóigh,” arsa McWilliams.

“Go dtí na 1970idí, bhí geilleagar na hÉireann cúlánta agus sean-aimseartha ach d’athraigh sé go hiomlán nuair a rinneadh ball den Aontas Eorpach í agus nuair a thosaigh oll-chomhlachtaí Meiriceánacha ag infheistiú sa tír.

Inniu, tá an tuaisceart iargúlta ó thaobh an gheilleagair i gcomparáid leis an deisceart, is cuma cad é mar a thomhaiseann tú é – ioncam, nuálaíocht, gnólachtaí nua-thionscanta, i ngach slat tomhais, tá an tuaisceart ar cúl.

Tá sé seo amhlaidh, dar le McWilliams, mar thoradh ar an chríochdheighilt, cionn is a) gur chaill an tuaisceart a chúlchríoch nádúrtha agus b) gur cothaíodh cultúr an spleáchais (a dependency culture) ó thuaidh.

“Má chaitheann tú dul amach agus airgead a thiomsú ar do chonlán féin, faoi do bhratach féin, ní fada go n-éireoidh tú iontach aibi cionn is go gcaitheann tú do sheacht ndíchill a dhéanamh,” ar sé.

“Más geilleagar concubine thú, ní bheidh iachall ort éirí ar maidin agus do dhícheall a dhéanamh,” ar sé.

“Tá sé sin maith go leor ar feadh thréimhse ach bogfaidh an saol ar aghaidh a fhad is ata tusa i do chodladh.”

Deir sé, sna 1950idí, go ndeachaigh 93% de eisportálacha na hÉireann chun na Breataine. Inniu is é 11% an figiúir sin agus ní amháin sin ach níor bhog an Bhreatain chun cinn mar a rinne na 26 Cho agus tá greim an fhir bháite ag na Sé Chontae ar gheilleagar ata stálaithe.

Ach nach bhfuil an tuaisceart níos fearr as maidir leis an tSeirbhís Náisiúnta Sláinte agus nach bhfuil an córas oideachais níos fearr ó thuaidh?

Más sin an slat tomhais atá agat, b’fhearr duit fanacht ó thuaidh, dar le McWilliams.

“Tá an córas níos fearr sa tuaisceart má tá tú sean nó tinn nó bocht ach níl bunús na ndaoine sean nó tinn nó bocht,” arsa McWilliams agus deir sé go bhfuil a mháthair cleamhnais – atá ina cónaí in oirthear Bhéal Feirste – ag

fanacht le cúpla mí anuas le instealladh a fháil cionn is go bhfuil airtríteas uirthi.

“Ní tharlódh a leithéid ó dheas,” ar sé.

(Ní dóigh liom féin go bhfuil gach rud chomh hiontach sin sa chóras sláinte ó dheas ach sin scéal eile).

Má tá tú dífhostaithe ó dheas, deir McWilliams go bhfaighidh tú €185 sa seachtain. Ó thuaidh, faigheann tú thart ar £58, mar sin is measa i bhfad a bheith bocht o thuaidh ná ó dheas ach is cuma, i mbunús gach gné den saol, tá an deisceart níos fearr as.

“Má thagann an dá chuid den tír le chéile ar bonn polaitiúil, ní dóigh liom go bhfuil rud ar bith le cailleadh ag muintir an tuaiscirt – sílim go bhfuil gach rud le baint acu,” ar sé.

:: Níl anseo ach cur síos ar chuid bheag den chomhrá idir David McWilliams agus Martina Devlin. 

Is féidir é a fheiceáil ina iomláine ag http://url.ie/1gtl9D