Irish-Language

Scéal duine de na daoine ab óige a crochadh le linn Chogadh na Saoirse

<b>CAOIMH&Iacute;N DE BARRA: </b>Rugadh Kevin Barry i mBaile &Aacute;tha Cliath ar 20 Ean&aacute;ir 1902. Nuair a bh&iacute; s&eacute; tr&iacute; bliana d&eacute;ag, theastaigh uaidh a bheith p&aacute;irteach i bhFianna &Eacute;ireann faoi sti&uacute;ir Constance Markievicz ach n&iacute; raibh a theaghlach s&aacute;sta ligint d&oacute;. Dalta de chuid Chol&aacute;iste Belvedere a bh&iacute; in Barry, &aacute;it ar ghn&oacute;thaigh s&eacute; &aacute;it ar fhoireann rugba&iacute; sinsearach na scoile. I 1918 rinneadh r&uacute;na&iacute; de chlub iom&aacute;na na scoile &eacute; agus &eacute; ar cheann de na himreoir&iacute; ba dh&iacute;ograis&iacute; a bh&iacute; acu. &nbsp;Sa phicti&uacute;r thuas, t&aacute; Barry, 15 bliana d&rsquo;aois, ag imirt do Chol&aacute;iste Belvedere i gCorn Rugba&iacute; Scoileanna Laighean i 1917
CAOIMHÍN DE BARRA: Rugadh Kevin Barry i mBaile Átha Cliath ar 20 Eanáir 1902. Nuair a bhí sé trí bliana déag, theastaigh uaidh a bheith páirteach i bhFianna Éireann faoi stiúir Constance Markievicz ach ní raibh a theaghlach sásta ligint dó. Dalta de chuid Choláiste Belvedere a bhí in Barry, áit ar ghnóthaigh sé áit ar fhoireann rugbaí sinsearach na scoile. I 1918 rinneadh rúnaí de chlub iomána na scoile é agus é ar cheann de na himreoirí ba dhíograisí a bhí acu.  Sa phictiúr thuas, tá Barry, 15 bliana d’aois, ag imirt do Choláiste Belvedere i gCorn Rugbaí Scoileanna Laighean i 1917

Le Pádaí de Bléine

COTHROM an ama seo tá céad bliain ó shin agus Cogadh an Saoirse faoi lán seoil, cuireadh Caoimhín de Barra chun báis i bPríosún Mhuinseo. 

Ní raibh ach ocht samhradh déag slánaithe ag an fhear óg nuair a cuireadh chun a chrochta é ar an chéad lá de mhí na Samhna 1920. 

Ar an 20 Meán Fómhair 1920, bhí de Barra páirteach i luíochán ar leoraí de chuid Arm na Breataine ar Shráid Bolton i mBaile Átha Cliath. 

Is cosúil go raibh neart gunnaí sa leoraí céanna agus go raibh sé de rún ag na hÓglaigh seilbh a ghlacadh orthu. 

Mac léinn leighis a bhí in de Barra agus bhí sé ag freastal ar Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath ach cúpla bliain sular chuir sé tús lena chúrsa ar ollscoil, áfach, chláraigh sé le hÓglaigh na hÉireann. 

Bhí an luíochán ar leoraí Arm na Breataine le tarlú ar a haon déag a chlog ar maidin agus bhí sé de rún ag de Barra a bheith ar ais sa Choláiste le haghaidh scrúduithe dá chúrsa ar a dó a chlog an tráthnóna céanna. Tá a fhios ag an saol Fódlach, áfach, nár éirigh leis an luíochán agus gur gabhadh de Barra an mhaidin sin. 

Scaoileadh roinnt urchar nuair a bhí an leoraí de chuid Arm na Breataine timpeallaithe ag na hÓglaigh. 

Maraíodh triúr saighdiúirí Sasanacha sa lámhach, duine acu ar an lá agus fuair beirt eile bás tamall beag i ndiaidh an ionsaithe. Bhí siad cúig bliana déag, naoi mbliana déag agus fiche bliain d’aois. 

Theip glan ar an phlean a bhí ag na hÓglaigh seilbh a ghlacadh ar an armlón i ndiaidh an lámhaigh. 

D’éalaigh comradaithe de Barra agus chuaigh sé féin i bhfolach faoin leoraí. 

Deirtear nach raibh a fhios ag na saighdiúirí Sasanacha go raibh sé ann agus gur shíl de Barra gur éalaigh sé uathu fosta. 

Nuair a bhí an leoraí ar tí imeacht, áfach, scairt seanbhean ar na saighdiúirí ag insint dóibh go raibh fear óg ina luí faoi. Is cosúil go raibh eagla ar an tseanbhean go ngortódh an leoraí de Barra. 

Gabhadh an Baile Átha Cliathach agus cuireadh isteach sa leoraí é. Tugadh go beairicí de chuid Arm na Breataine i mBaile Átha Cliath é agus diancheistíodh é. 

Thug sé a ainm, a sheoladh agus a shlí bheatha ach dhiúltaigh sé ceist ar bith eile a fhreagairt. Rinneadh céasadh air ar feadh roinnt laethanta agus na saighdiúirí Sasanacha ag iarraidh air ainmneacha a chomrádaithe a insint dóibh. Níor éirigh leo. Ar an 20 Deireadh Fómhair, cuireadh de Barra os comhair na cúirte míleata. 

Chuir de Barra in iúl go raibh sé ina shaighdiúir de chuid na Pobalchta agus nach n-aithneodh sé an chúirt. 

Ina ainneoin seo, cuireadh ina leith gur dhúnmharaigh sé triúr saighdiúirí. 

Cé nárbh iad na hurchair ó ghunna de Barra a fuarthas i gcorp na saighdiúirí a maraíodh, fuarthas ciontach é cionn is go raibh sé páirteach san ionsaí. Ba é an crochadh an pionós a ghearradh ar de Barra. Bhí de Barra féin ag dúil go scaoilfeadh scuad lámhaigh é cionn is gur saighdiúir é agus cionn is gurbh é an chúirt mhíleata a dhaor é. 

Níorbh é sin an rud a tharla, áfach. 

Tharraing ráiteas na cúirte go gcuirfí chun a chrochta é tuilleadh airde ar scéal na hÉireann a bhí go mór i mbéal an phobail ar fud an domhain cheana féin mar gheall ar bhás Terence Mc Sweeney, Ardmhéara Chorcaí a fuair bás ar stailc ocrais roinnt laethanta roimhe sin. Thug máthair de Barra cuairt air an oíche sula cuireadh chun a chrochta é. 

Dúirt de Barra lena mháthair nárbh iontach an rud é bás a fháil ar son na hÉireann agus nárbh é an chéad duine ná an duine deireanach lena leithéid de bhás a fháil. 

Cuireadh de Barra chun a chrochta ar an chéad lá de mhí na Samhna 1920. 

Deirtear gur dhúirt an Canónach Waters, an té a shiúil leis chun a chrochta, dúirt seisean lena mháthair go raibh Caoimhín de Barra ar na daoine ba chróga dár casadh air riamh. 

Cuireadh de Barra i dtailte phríosún Mhuinseo agus naonúr Óglach eile in aice leis sular síníodh an Conradh Angla-Éireannach a chuir deireadh le Cogadh na Saoirse. 

Tugadh “an Deichniúr Dearmadta” ar na fir seo a cuireadh i gcré nár coiscriceadh ina chuideachta taobh istigh de bhallaí an phríosúin. 

Breis agus ceithre scór bliain i ndiaidh a chrochta – ar an 14 Deireadh Fómhair 2001 – athchuireadh de Barra i gcré choisricthe i reilig Ghlas Naíon le hochtar den naonúr eile a cuireadh in aice leis i bpríosún Mhuinseo. 

Athchuireadh Caoimhín de Barra, Patrick Moran, Frank Flood, Thomas Whelan, Thomas Traynor, Patrick Doyle, Edmund Foley, Thomas Bryan agus Bernard Ryan taobh le chéile taobh istigh de gheaftaí Ghlas Naoín faoi Thúr O’Connell. Athchuireadh Patrick Mayer i Luimneach. 

Is dócha go gcuimhnítear go ceanúil ar Chaoimhín de Barra céad bliain tar éis a bháis as siocair go raibh sé chomh hóg sin nuair a daoradh chun báis é. 

Tá clubanna peile ainmnithe as agus tá fuinneog de ghloine dhaite in airde de i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. 

Is beag duine nár chuala an bailéad de Chaoimhín de Barra a scríobhadh tamall gearr tar éis a bháis. Ceolann Leonard Cohen féin leagan de ar youtube. 

Ní fios go cinnte ach deirtear gurbh imirceach a chuir faoi i nGlaschú a chum an t-amhrán. 

Is cinnte gurbh fhear cróga é de Barra agus céad bliain tar éis a bháis choscródh a scéal na clocha glasa.