Irish-Language

Cuardaíonn Michael Portillo seabhaigh agus colúir i gCogadh na Saoirse

<strong>MICHAEL PORTILLO:</strong> T&aacute; an cl&aacute;r a rinne an t-iar-Aire Tora&iacute;och ar Chogadh na Saoirse in &Eacute;irinn thar a bheith suimi&uacute;il agus thar a bheith lochtach ag an am c&eacute;anna.&nbsp;
MICHAEL PORTILLO: Tá an clár a rinne an t-iar-Aire Toraíoch ar Chogadh na Saoirse in Éirinn thar a bheith suimiúil agus thar a bheith lochtach ag an am céanna. 

AGUS AN tseachtain seo chugainn ar an BBC, beidh stair na Breataine á láithriú ag Gerry Adams, An Náisiúnachas Sasanach le Danny Morrison agus Máthair Gach Parlaiminte, iniúchadh ar Westminster le Bernadette McAliskey.

Ag magadh atá mé ar ndóigh, ní bheadh a leithéid indéanta, ach níor ardaíodh malaí nuair a chualathas go raibh Michael Portillo le sraith dhá-clár ar Chogadh na Saoirse in Éirinn a láithriú.

Dóibh siúd nach cuimhin libh, bhíodh Portillo in bhall de rialtais Thoraíocha faoi réimis Margaret Thatcher agus John Major.

Cuireann wikipedia síos air mar “Thatcherach agus Eoraisceipteach, bhí sé ina pheata den eite dheas a mhol go mbeadh “uisce glan gorm”

idir polasaithe coimeádacha agus polasaithe Pháirtí an Lucht Oibre.”

An duine foirfe le miondifríochtaí na coimhlinte idir Éire agus an Bhreatain céad bliain ó shin a mhíniú, dar leat.

Bhí an fear is measa gléasta ar an teilifís arís oíche Luain sa dara clár den tsraith, Hawks & Doves: The Crown and Ireland’s War of Independence, a chur faoinár mbráid.

Sular amharc mé ar an chlár, leag mé cúpla slat tomhais síos - an míneodh Portillo comhthéacs Chogadh na Saoirse? An gcuirfeadh sé mailís ar bith síos do na Sasanaigh? Níor chruthaigh tús an chláir muinín ionam. 

Labhair Portillo faoi dhearcadh na n-údarás thall agus “frustrachas” orthu “an t-aon mhórImpireacht le teacht slán i ndiaidh iad an Chéad Chogadh Domhanda a bhaint”, go raibh siad á n-ídiú ag namhaid nár imir de réir na rialacha, a mharaigh fir ag doras an tí phobail agus ina leapacha ach a bhain cogadh na bolscaireachta” ar sé, ag croitheadh a chloiginn agus déistin air, i ndiaidh é “Impireacht” agus “de réir na rialacha” a úsáid in aon abairt amháin!

Lena cheart a thabhairt do Portillo, ba é aidhm Hawks and Doves (is maith le lucht teilifíse contrárthachtaí dénártha le rudaí a shimpliú don lucht féachana) –peirspictíochtaí na Breataine ar an tréimhse a léiriú.

Tagann sé sna sála ar The Enemy Files: Easter 1916 a bhain leis an Éirí Amach mar a léirigh doiciméid Bhriotanacha é ach sa chlár is déanaí tá comhad úr aige ina bhfuil cáipéisí úra – tuairiscí, litreacha agus dialanna a insíonn dúinn, mar a bhí a fhios againn cheana, nach dtuigeann “Oileán Eile John Bull” pioc d’Éirinn.

Ar théamaí an scannáin, tá uaillmhian na bpáirtithe polaitíochta i Sasana cumhacht a fháil nó fanacht i gcumhacht, beag beann ar Éirinn.

Léiríonn Hawks and Doves an chleasaíocht pholaitiúil agus na comhghuaillithe neamhbuana a bhí ar obair sna Tithe Parlaiminte i Westminster agus i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, gné a mbeadh eolas ag Portillo air.

Deir sé go raibh sé ina “sheabhac” agus é i réimeas Thatcher ach gur iompaigh sé ina “cholúr” le linn dó bheith ina Aire Cosanta thall.

Deir sé go raibh sé i bhfách le cainteanna idir rialtas na Breataine agus na Provos cionn is gur chaill an Bhreatain muinín go dtiocfadh leo an choimhlint anseo a bhaint –agus gur tharla a mhacasamhail 100 bliain ó shin.

Ar ndóigh, bhí aird Lloyd George agus a rialtais ar chúrsaí síochána ar mhór-roinn na hEorpa i ndiaidh sléacht an Chogaidh Mhóir, mar sin ba é fear nach mbeadh a ainm i mbéal an phobail, Walter Long, Céad-Tiarna na hAimiréalachta agus iar-Phríomh-Rúnai na hÉireann i rialtas Balfour, an fear ba thábhachtaí ag dréachtú polasaí na Breataine i leith na hÉireann.

Aontachtach go smior a bhí in Long agus é mar aidhm aige a) toil mhuintir na hÉireann nó b) foréigean poblachtánach ag brath ar do dhearcadh a chur faoi chois, i gcuideachta an Ard-Leifteanant, Sir John French.

Ba iad seo na seabhaigh, Long agus French, dar le Portillo, a dhéanfadh a ndícheall Sinn Féin – a raibh bua ollmhór acu in olltoghchán 1918 – a scrios.

Dhéanfadh siad iarracht cosc a chur ar an pháirtí ach, iontach go leor, bhí Aontachtach eile, Andrew Bonar Law ina éadan seo.“To proclaim Sinn Féin means in effect putting an end to the whole political life of Southern Ireland,” a scríobh sé i litir.

Thuig sé, mar a dúirt Margaret Ó’Callaghan, léachtóir ó Ollscoil na Ríona, má chuireann tú ionadaíocht thofa phobail iomláin faoi chois, go mbeidh trioblóid agat níos faide anonn, ceacht nár fhoghlaimíodh riamh ó thuaidh.

Tugtar le fios nach aonad aontachtach amháin a bhí i gCúige Uladh agus go rabhthar ag caint ar stát sé chontae ón tús mar – agus ba bhreá iniúchadh a dhéanfadh ar an bhéarlagair seo – “there was a concern that the Catholic minority might overwhelm the Protestant majority.” 

Sílim go léiríonn sé seo an dearcadh atá ar an phobal Chaitliceach gur arracht atá ann ag iarraidh Protastúnaigh a alpadh, dearcadh a bhí coitianta ag an am agus atá beo go fóill.

Ní chuirtear an cheist cad chuige a raibh gnáthÉireannaigh sásta tacaíocht a thabhairt do lucht an fhoréigin? Gurbh iad na hAontachtaigh a thug gunnaí isteach le Riail Baile a stopadh, rud a spreag Óglaigh na hÉireann (The Irish Volunteers) leis an rud céanna a dhéanamh. 

Níor fiafraíodh cad chuige a raibh Éireannaigh chomh dubh sin in éadan fhórsaí na Corónach?  

Ní thugtar aghaidh ar an chiníochas a bhí taobh thiar de dhearcadh na mBriotanach.Fágtar sin faoin lucht féachana. 

Ach beidh náisiúnaigh sásta a fheiceáil go ndeimhnítear gur thug rialtas na Breataine airm don UVF, an dream a gheall go dtroidfeadh siad in éadan rialtas ba Breataine dá dtabharfaí Riail baile isteach.

Léiríonn Hawks and Doves cuid mhór cosúlachtaí idir an tráth sin 100 bliain ó shin agus cúrsaí polaitíochta agus ainneoin a bhfuil ráite go dtí seo, is fiú go mór an clár a fheiceáil. 

Tá rudaí ann a chuirfidh isteach ort ach ba cheart go gcraolfeadh an BBC níos mó cláracha mar seo.

Gerry Kelly MLA ar stair Arm na Breataine, b’fhéidir?

Hawks & Doves: The Crown and Ireland’s War of Independence le feiceáil ar an BBC iplayer faoi láthair.