Irish-Language

Ceithre bliana i ndiaidh a bháis is mithid tionchar Aodáin a aithint

<b>AOD&Aacute;N MAC P&Oacute;ILIN: </b>Is ioma&iacute; rud a chuir fear Bhaile Andarsain i gcr&iacute;ch ina shaol &ndash; bh&iacute; s&eacute; ar bhunaitheoir&iacute; Ghaeltacht Bh&oacute;thair Seoighe, bh&iacute; freagracht ar leith aige as Ciste Craolach&aacute;in na Gaeilge agus bh&iacute; s&eacute; gn&iacute;omhach in Colum Cille, Comhairle na Gaelscola&iacute;ochta, in Ionad Fil&iacute;ochta Seamus Heaney agus i m&oacute;r&aacute;n togra&iacute; eile&nbsp;
AODÁN MAC PÓILIN: Is iomaí rud a chuir fear Bhaile Andarsain i gcrích ina shaol – bhí sé ar bhunaitheoirí Ghaeltacht Bhóthair Seoighe, bhí freagracht ar leith aige as Ciste Craolacháin na Gaeilge agus bhí sé gníomhach in Colum Cille, Comhairle na Gaelscolaíochta, in Ionad Filíochta Seamus Heaney agus i mórán tograí eile 

IN AMANNA, tchítear dom gur deoch dhraíochta atá sa Ghaeilge, ceann a bhfuil an chumhacht ann tú a thiontú i do shárlaoch, tú a thiontú in cibé duine is mian leat a bheith agus an cumas a thabhairt duit fadhb ar bith a réiteach.

Sílim gur ól bunaitheoirí Ghaeltacht Bhóthar Seoighe an deoch dhraíochta seo mar, cé gur ghnáthdhaoine den aicme oibre iad, nuair a bhí constaicí le sárú acu, bhí siad uilig, idir fhir agus mhná, inchurtha leis na dúshláin.

Léirigh siad cumhachtaí osnádúrtha, fís thar na bearta, crógacht as an choitiantacht agus críonnacht a chuirfeadh éad ar Sholaimh.

I measc na sárlaochra seo, bhí Aodán Mac Póilin a sciobadh uainn in aois a 68, i mí na Nollag 2016.

Dé Domhnaigh ar BBC2, taispeánfar scannán faisnéise a rinne Imagine Media ar shaol agus ar thionchar Aodáin ach go bunúsach is scéal thar a bheith daonna é chomh maith.

Tosaíonn Rian na gCos le bean cheile Aodáin, Áine, ag inse rud a raibh a fhios ag gach duine dar bhuail riamh lena fear céile, gur duine iontach deas, lách, tuigseach, cairdiúil, géarchúiseachl oscailte a bhí ann.

Is maith liom mar a thaispeánann an clár an dóigh a raibh cuid de laochra Ghaeilge Bhéal Feirste an lae inniu ina bhfoghlaimeoirí óga neamhchinnte lá den tsaol agus sin mar a bhí Aodán agus Áine, ó casadh ar a céile iad den chéad úr le linn mhórshiúil chinniúnach Bhun Tolaide i 1969.

D’éirigh leo beirt na briathra neamhrialta a smachtú agus ba é seo an eochair dóibh isteach ar shaol na Gaeilge.

Rinneadh múinteoirí dóibh níos faide anonn, Aodán in Ollscoil Uladh i gCúil Raithin agus i Scoil Mhuire i mBéal Feirste.

Taobh amuigh den seomra ranga, bhí Mac Póilin agus daoine eile ag díriú ar “phobal Gaeilge” a chruthú, beag beann ar cibé chreideamh a bheadh acu.

Mar a dúirt Aodán é féin; “I am firmly commited to the common heritage approach.”

Is dócha go raibh go leor foinsí inspioráide ann a mhúnlaigh an fhealsúnacht sin.

Bhí Ollscoil Uladh in ann fanacht siar cuid mohair ón choimhlint a bhí ag dul ar aghaidh taobh amuigh den champas agus bhuail Aodán le Protastúnaigh a ndeachaigh sé go mór i bhfeidhm orthu agus a mhalairt.

Deir an t-údar Brian Keenan gur thug Aodán “a sense of belonging” dó, gur chuir sé “an pictiúr mór” faoina bhráid.

Chomh maith, chuaigh fealsúnacht neamhsheicteach Chumainn Chluain Ard go mór i bhfeidhm air ach déanta na firinne, i mo thaithí-se, ba bheag seicteachas a bhí i measc lucht na Gaeilge riamh anall. Tuigeadh gur aon phobal amháin a bhí thart orainn fiú le linn na dTrioblóidí.

Agus é ag foghlaim Gaeilge i nGaelteacht Thír Chonaill, i dtithe chuid de na seanchaithe agus na n-amhránaithe ba chlúití sa cheantar ba iomraítí sa Chuige ó thaobh na Gaeilge de, ba bheag caint a bheadh ar an pholaitíocht nó ar chúiseanna an t-am sin.  

Níos faide anonn, agus é ar thús cadhnaíochta an caidreamh idir Gaeil na hÉireann agus Gaeil na hAlban – ar Protastúnaigh iad a mbunús – á athnuachán, d’aithin sé go mbeadh an Gàidhlig mar dhroichead, ní amháin idir Éire agus Alba ach idir “an dá phobal” anseo ó thuaidh. 

Leoga, léiríonn Rian na gCos a thábhachtaí is a bhí Aodán taobh amuigh de ghluaiseacht na Gaeilge. Thuig sé nárbh fhiú bheith ag múineadh méilí don uan agus d’éirigh leis íomhá úr den Ghaeilge a chur chun cinn, gan a bheith ag seanmóireacht nó ag bolscaireacht ach le neart a intleachta agus lena phearsantacht séimh.

Ach, nuair a bunaíodh an t-iontaobhas Ultach a raibh sé d’aidhm aige an teanga a chur chun cinn ar bhonn tras-phobail, chruthaigh sé naimhdeas d’Aidan i measc sciar de phoblachtánaithe a chonaic é mar stooge de chuid Rialtas na Breataine, fealltóir féin.

Ach d’aithin Gaeilgeoirí a luach chomh maith. 

Luann Alan Titley an rud a dúirt Máirtin Ó Cadhain, gurb é an tréith is Gaelaí dá bhfuil ann ná an súgradh agus an dáiríre a shnaidhmeadh le cheile” agus deir sé bhfuil sé sin fíor faoi Aodán Mac Póilin.

Taobh istigh den chéad trí bhomaite de Rian na gCos, beide aithne mhaith agat ar an Ghaeilgeoir a rinne an oiread sin maitheasa ina shaol.

Sa chuid eile den chlár, feiceann muid na rudaí a raibh Aodán ábalta cur i gcrích, in amanna le grúpa daoine eile agus in amanna eile as a stuaim féin - bunú Gaeltacht uirbeach Bhóthar Seoighe agus Bunscoil Phobal Feirste; bunú an Chiste Craoltóireachta Gaeilge; scríobh sé leabhair ar litríocht agus ar chultúr na hÉireann a thug deis do dhaoine a ndearcadh a leathnú; thug sé léachtaí ar shloinnte agus ar logainmneacha; d’athraigh sé an t-atmaisféar inar fhás an teanga taobh amuigh dá gort féin.

B’éigean troid a dhéanamh, ar ndóigh agus bhí teanga ghéar agus diongbháilteacht aige agus é ag ple le státseirbhísigh naimhdeacha nó aineolacha Chnoc an Anfa.

Ach b’fhearr le hAodán daoine a mhealladh le hamhráin agus le háilleacht a fhíse.

“Míniú, míniú, míniú,” an mana a bheadh aige, bíodh sé ag caint le teachtaí Westminster nó le cimí poblachtánacha nó dilseacha.

Má bhí cúis ag Aodán Mac Póilin, ba é a theaghlach é. 

Fána gcoinne sin a rinne sé na héachtaí uilig a rinne sé nuair a d’ól sé deoch dhraíochta na Gaeilge, an phosóid sin a rinne múinteoir, saoi teilifíse, scríbhneoir, polaiteoir, bolscaire, bailitheoir, idirghabhálaí idir dhá shaol, cosantóir, tógálaí agus míle rud eile de ach nár lig sé seo riamh dó dearmad a dhéanamh den phríomhchúram a bhí air –  mar fhear céile, athair agus duine de na cairde is fearr a dtiocfadh leat a bheith agat, tréithe a léiríonn an t-éalaíontóir/ailtire Michael Doherty agus é ag peainteáil portráide d’Aodán le linn an chláir.  

:: Beidh Rian na gCos le feiceáil ar BBC2 NI ar an Domhnach, 13 Nollag ar a 10.10pm