RANG A 7 ar an bhunscoil. Na sceitimíní, na néaróga agus an t-iontas.
Is leo an scoil ag an phointe sin agus leagann siad a n-intinn ar an chéad chéim eile. An scoil mhór. Am iontach atá ann i saol an dalta óig ach féadann sé a bheith corrach fosta.
Chuige sin, cuireann na tuismitheoirí, na bunscoileanna agus na meánscoileanna an-iarracht isteach achan bhliain leis na scoláirí óga seo a ullmhú don phróiseas aistrithe.
Is beag dream a láimhseálann an próiseas níos fearr ná na Gaelscoileanna.
Mar chuid dá post mar leas-phríomhoide i gColáiste Feirste, titeann sé ar ghuaillí Emer Mhic an Fháillí clár imeachtaí a chur le chéile leis an phróiseas a éascú.
“Tuigimid an tábhacht a bhaineann le daltaí Rang 7 a ullmhú don aistriú mhór agus bímid i gcónaí ag smaoineamh ar dhóigheanna leis an droichead a thógáil idir muid féin agus na bunscoileanna”
Ar ndóigh, ní gnáth-scoilbhliain 2020/21 agus i mbliana b’éigean d’Emer agus dá foireann smaoineamh ar dhóigheanna thart ar na deacrachtaí a thugann paindéim dhomhanda don chlár.
“I measc na rudaí a dhéanaimid achan bhlain tá Blas den Choláiste – imeacht iontach agus dáta tábhachtach ar fhéilire Choláiste Feirste agus lá mór do dhaltaí i Rang 7 atá ag toiseacht amach ar a n-aistriú ó nead na bunscoile go dtí ‘an scoil mhór’.”
Tugann an lá deis do na scoláirí óga blaiseadh beag a fháil de cheachtanna i gColáiste Feirste, bualadh lena foireann agus am a chaitheamh ar an champas nua-aimseartha ar Chos an Fhathaigh ar Bhóthar na bhFál.
De dheasca Covid 19 (is cosúil na focail sin le seanfhocal faoin am seo), b’éigean don Choláiste an t-imeacht a chur ar ceal i mbliana.
Mar bharr ar an donas, ní bheidh lá oscailte ag an Choláiste i ndeireadh Eanáir ach oiread.
Ní haon áibhéil a rá go bhfuil cuid mhaith de na daltaí croíbhriste – mar atá foireann Choláiste Feirste – nach mbeidh an deis acu aithne níos fearr a chur ar a chéile roimh Mheán Fómhair 2021.
Tá an Coláiste ag déanamh a seacht ndícheall leis an díomá seo a mhaolú, áfach, agus shocraigh foireann an Choláiste cuairteanna fíorúla agus lig siad do na saineolaithe – daltaí Bhliain 8 – ceisteanna coitianta a bhíonn ag daltaí i Rang 7 a fhreagairt.
Ghlac ocht gcinn de na bunscoileanna áitiúla páirt san imeacht agus ba léir go ndeachaigh an t-éispéireas i bhfeidhm ar gach dalta ar an dá thaobh.
Is cosúil gur thosaigh seisiún amhránaíochta idir daltaí 8F agus Bunscoil Phobal Feirste! Dúirt Caoimhe (8F) gur éirigh thar barr leis an tseisiún:
“Táimid cleachta le rudaí mar seo (seisiúin fhíorúla) anois agus is maith liom é. Tá mise faiteach go leor ach bhain mé sult as a bheith ag caint leis na daltaí i Rang 7.”
Dúirt Caoimhe fosta gur shíl sí go mbeadh an lá ina bhuntáiste do na daltaí bunscoile:
“Ar bhealach, bhí sé níos fearr ná an lá a rinne muidne anuraidh mar bhí deis ag gach duine ceist a chur agus bhí sé níos pearsanta”.
Dúirt Emer Mhic an Fhaillí, leas-phríomhoide na scoile a d’eagraigh an t-imeacht fíorúil gur éirigh go breá leis.
“Táimid iontach bródúil as na daltaí atá againn i mBliain 8 agus caithfidh mé a rá go raibh siad ar dóigh ar fad le daltaí Rang 7.”
Tá Emer dóchasach go mbeidh cúrsaí scoile ag teacht ar ais ina gceart ar an bhliain seo chugainn ach creideann sí go bhfuil áit ann don chineál seo imeachta amach anseo.
“Fuair muid aischothú an-dearfach ó na daltaí a ghlac páirt agus ó na bunscoileanna,” ar sí.
Bíonn muidne ag dúil go mór le Blas den Choláiste achan bhliain agus le cuidiú Dé, beimid ábalta an lá a reáchtáil ar an bhliain seo chugainn.
Sin ráite, bíonn foireann an Choláiste lárnach i mBlas den Choláiste de ghnáth agus thug an t-eispéireas fíorúil deis dúinn an dalta a chur i lár an aonaigh.”
Ar ndóigh, ní réiteach é an chaint fhíorúil ar an chuairt féin ach idir seo agus an chéad uair eile, molaimid go mór gach dalta agus gach ball foirne a thacaigh linn. Ceiliúradh a bhí ann ar rath na Gaelscolaíochta, ar luach an chaidrimh agus ar chumhacht an phobail Ghaelaigh. Mar atá scríofa ar bhallaí na ndorchlaí i gColáiste Feirste Is fiú sinn: is Gael sinn.