Irish-Language

Céad slán ag 2020 – tá súil againn nach mbeidh a leithéid arís ann

<b>AN BHLIAIN N&Aacute;R THARLA: </b>Taisteal, coirmeacha, ranganna o&iacute;che, chuir an Cor&oacute;inv&iacute;reas deireadh leis an phlean&aacute;il do chuid mh&oacute;r daoine in 2020; bh&iacute; Donald Trump ag beart&uacute; ceithre bliana eile sa Teach B&aacute;n agus Sammy Wilson ag d&uacute;il le Breatimeacht dearg, b&aacute;n is gorm&nbsp;
AN BHLIAIN NÁR THARLA: Taisteal, coirmeacha, ranganna oíche, chuir an Coróinvíreas deireadh leis an phleanáil do chuid mhór daoine in 2020; bhí Donald Trump ag beartú ceithre bliana eile sa Teach Bán agus Sammy Wilson ag dúil le Breatimeacht dearg, bán is gorm 

TÁ SÉ AG dul a bheith deacair an leathanach seo a scríobh gan úsáid

 a bhaint as na cliché-anna a chuala muid i rith na bliana aistí seo. (Oops)

Tá a fios agam go raibh taithí gach duine difriúil go raibh daoine ann a d’fhulaing cuid mhór agus daoine eile a tháinig slán as an uafás ar fad.

Cé a shamhlaigh i mí Eanáir go ndéanfadh an pataigin seo – frídín na mílaoise 20 bliain mall – an léirscrios atá déanta aige ar fud na cruinne

Níor bhain sé ach le céatadán an-an-bheag de mhuintir na Síne dar liomsa nuair a chuala mé na figiúirí i mí Eanáir, cad é mar a thiocfadh leis cur isteach ormsa.

Bliain níos maille agus tá mé i mo shuí ar an chathaoir chéanna ar a caith mé bunús 2020.

An mise an duine is bómánta ar domhan nó ar chreid sibhse an rud céanna?

An bhfuil mé ar chomchéim le Boris Johnson agus Donald Trump agus Jair Bolsonaro, ceannairí náisiúnta a rinne beag is fiú den chontúirt a bhí sa Choróinvíreas ón chéad lá riamh?

Inniu, tá an víreas i ndiaidh 81.2 milliún duine a bhualadh agus 1.77 milliún duine marbh mar gheall air ach ní fios cad é na tionchair uilig a bheas ag galar an Choróinvíris, Covid-19 sna blianta atá le teacht.

Tá athraitheach úr (a new variant) ag spréadh ar fud na cruinne agus ní fios fós an bhfuil an cine daonna in ann an lámh in uachtar a fháil air ach meastar go n-oibreoidh na vacsaíní atá againn faoi láthair ar an bhoc úr.

Is léir go bhfuil an pláinéad beag ar a bhfuil muid uilig beo tinn agus cé go dtiocfaidh an tEarrach i gcionn corradh le mí agus an samhradh ina dhiaidh sin, is léir go gcaithfidh muid an domhan a leigheas.

Ní amháin go gcaithfidh muid an víreas seo agus na cinn eile a thiocfaidh ina dhiaidh a chur faoi smacht oiread agus is féidir ach caithfidh muid na cúinsí as ar eascair siad a mhaolú le nach dtiocfaidh bagairtí níos contúirtí arís chun cinn. 

Caithfidh muid uiliog ár ndícheall a dhéanamh “saol glas” a chaitheamh ach is míle uair níos mó an dualgas atá ar rialtais. 

Tá ráite ag Jacinda Ardern, príomh-Aire na Nua Shéalainne nach fiú an fás eacnamaíoch mura bhfuil sé le leas na ndaoine.

Thug sí isteach “cáinaisnéis folláine” nó “a well-being budget” a raibh sé d’aidhm aige cur le seirbhisí meabhairshláinte, bochtaineacht i measc páistí a mhaolú, cearta na mbundúchasach a chur chun cinn, troid in éadan na heaspa dídine agus deiseanna a chruthú fríd an oideachas.

Mar a dúirt sí in 2019: “Economic growth accompanied by worsening social outcomes is not success. It is failure.” 

Sin troid amháin a bheidh le déanamh san am atá le teacht.

Ar dhea-scéala na bliana – agus admhaím go bhfuil mé claonta – bhí an bata agus bóthar a tugadh do Donald Trump, duine de na daoine is measa a raibh a thóin mhór ar chathaoir leathair na hOifige Ubhchruthaí.

Fear nach bhfuil Béarla maith aige, a bhfuil sé doiligh aige smaointe casta a thuigbheáil, a shantaíonn an t-airgead agus an cumhacht le é féin a shaibhriú thar aon ní eile.

Fear nach dtuigeann cad is fírinne ann, fear a raibh sé ró-éascaí aoir a chumadh faoi, magadh faoi, gáire a dhéanamh faoi ach fear a bhí (agus a bheidh?) thar a bheith contúirteach.

Tá Trump ag baint úsáid as polasaí an rualoiscthe (a scorched earth policy) le go mbeidh sé deacair cuid de na polasaithe a chuir sé i bhfeidhm a aisghairm. 

Ar na heachtraí deireanacha atá déanta aige, thug sé iarraidh ceant a reáchtáil ina bhfaigheadh comhlachtaí fuinnimh cead druileáil a dhéanamh sa Tearmann Náisiúnta Artach Fiadhúlra; chuir a fheidhmeannas 10 príosúnach chun báis, níos mó na gach stát eile curtha le chéile; tá sé ag cur daonlathas Mheiriceá (lag is atá sé) i mbaol cionn is nach n-aithneoidh sé gur bhain Joe Biden an toghchán, tá sé ag gríosú daoine gan aitheantas a thabhairt don Fheidhmeannas Daonlathach atá ag teacht isteach agus níl ansin ach an ceann den deacracht.

Beidh 2021 thar a bheith suimiúil maidir le polaitíocht na hÉireann.

Agus impleachtaí an Bhreatimeachta ag éirí soiléir le himeacht aimsire agus i mbliain seo comórtha na críochdheighilte, beidh an “cheist náisiúnta” go mór chun cinn arís.

An iarraidh seo, ní bheidh sé faoi chaibidil i dtithe Parlaiminte amháin ach ar líne, ar na meáin shóisialta agus ag cruinnithe poiblí má cheadaítear iad in 2021.

Is breá liom go mbeidh grúpa úr ar an bhloc.

Beidh @WeMakeNI – grúpa aontachtach saoranach atá i bhfách leis an Aontas leis an Bhreatain a choinneáil – i gcuideachta  leithéidí Think32, Ireland’s Future - Todhchaí na hÉireann agus Colin Harvey ar twitter lena gcásanna a chur chun cinn.

Sílim arís gur rud maith é seo agus go mbeidh daoine nach bhfuil ceangailte le páirtithe polaitíochta ábalta ceisteanna achrannacha a phlé beag beann ar “líne an pháirtí.”

Beidh le feiceáil.

Le sé mhí anuas tá mé féin ag glacadh páirte in imeachtaí ar líne de gach cineál - in éagmais hallaí lán daoine.

Ag amharc ar an choirm a thug Christy Moore I nGlaschú a craoladh ar TG4, chuir sé i gcuimhne dom chomh tábhachtach is atá an pobal, bíodh sé an lucht éisteachta ag coirm nó díospóireacht nó léacht; cairde agus strainséirí féin ag clabaireacht i gcaife nó i dteach tábhairne; teaghlach ag baint suilt as cuideachta a chéile.

Nara fada uainn é na pléisiúir shimplí sin in 2021.