Irish-Language

Sruth na Maoile á thrasnú ar líne d’fhéile ina mbeidh scoth na bhfilí Éireannacha agus Albanacha ag glacadh páirte

<b style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">SIMON &Oacute; FAOL&Aacute;IN: </b><span style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">Ba &eacute; Simon, file as Baile &Aacute;tha Cliath, a d&rsquo;earcaigh fil&iacute; na h&Eacute;ireann le p&aacute;irt a ghlacadh san Fh&eacute;ile Crossways-Trasn&uacute;-Cumar, f&eacute;asta fil&iacute;ochta at&aacute; f&oacute;s le feice&aacute;il ar a shu&iacute;omh idirl&iacute;n Crossways&nbsp;</span>&nbsp;
SIMON Ó FAOLÁIN: Ba é Simon, file as Baile Átha Cliath, a d’earcaigh filí na hÉireann le páirt a ghlacadh san Fhéile Crossways-Trasnú-Cumar, féasta filíochta atá fós le feiceáil ar a shuíomh idirlín Crossways  

BEIDH  scríbhneoireacht na Gaeilge agus na Gàidhig á cheiliúradh an deireadh seachtaine seo romhainn le linn na féile Crossways - Trasnú - Cumar i gcomhar leis an iris litríochta Irish Pages.

In 2018 agus 2019, thug an fhéile ardán do scríbhneoirí an dá theanga i gceantar stairiúl an Merchant City i nGlaschú ach mar gheall ar na srianta Coroinvíris, beidh an fhéile ghradamach á reáchtáil ar líne i mbliana.

16 léamh agus trí imeachtaí ceoil a bheas á sruthú ar shuíomh idirlín Virtual Crossways 2021 le linn an deireadh seachtaine 12-14 Feabhra agus i ngach léamh uair a chloig (seachas ceann amháin) beidh scríbhneoir Éireannach i gcuideachta scríbhneora as Albain.

Mar shampla, beidh an file Simon Ó Faoláin as Baile Átha Cliath ag léamh ar an ghrá, an bás agus an deoraíochta i gcuideachta Meg Bateman ó Dhún Éideann, ar fhoilsigh Coiscéim a céad leabhar filíochta, Òrain Ghaoil/ Amhráin Grádha, siar in 1990. Tá Meg inniu ar na filí is aitheanta in Albain.

Ar na buaicphointí eile, déanfaidh Ailbhe Ní Ghearbhuigh & Catriona Lexy Chaimbeul iniúchadh ar an nasc idir an máithreachas agus gnéithe den teanga; tabharfaidh Cathal Ó Searcaigh faoin ghra agus faoin choimhlint fhoireigneach i gcuideachta Anna Frater a léireoidh na mothuchain a mhúsclaionn a hoileán duchais, Leòdhas, inti; rachaidh Pádraig Mac Fhearghusa agus GilleBrìghde Mac ’ille Mhaoil i ngleic leis na pléisiúir agus na pianta a bhaineann leis an óige agus leis an mheán-aois agus scagfaidh Aifric Mac Aodha agus Eòghan Stiùbhart gnéithe den ghrá romansúil. 

Is é Simon Ó Faoláin a roghnaigh na hÉireannaigh do Crossways, agus chuir mé ceist air faoin chaidreamh idir filí na Gaeilge agus na Gàidhlig agus a saothair.

“Faraor, níl sé chomh láidir is a bhí mar chaidreamh, ná chomh láidir is ba chóir dó a bheith,” ar sé. 

“Ar feadh tamall fada de bhlianta, bhí Cuairt na bhFilí, a bhí faoi stiúir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, ag déanamh an-obair chun an dá phobal Gaelach a choimeád ar an eolas faoina chéile, fiú más snáith cuíosach leochaileach a bhí ann. 

“Ach le héag na Comhdhála roinnt bheag blianta ó shin, tá bearna ann i gcónaí. 

“Is dóigh liom gur dhein Crossways – in 2018 agus 2019 – athbhunú ar na caidrimh sin, agus filí na Gaeilge ag trasnú Shruth na Maoile chun bualadh lena gcomhfhilí thall i nGlaschú. Ach leis an bhFéile fhíorúil atá againn ar-líne i mbliana, níl na filí ag casadh ar a chéile sa treo sin, ach ag an am céanna tugann sé deis do phobal éisteachta ollmhór sa dá thír aithne a chur ar aos ealaíne an traidisiún ársa,” ar sé.

Agus líon mór filí gníomhach sa lá atá inniu ann, cad é mar a roghnaigh Simon na filí atá ar chlár na bliana seo?

“Bhuel, thit roghnú formhór na bhfilí in Albain ar Meg Bateman, sárfhile í féin agus duine atá fíor-eolach ar fhilíocht na Gàidhlig. 

“Ó mo thaobh-sa in Éirinn, bhí cinneadh glactha againn go rabhamar ag iarraidh cartlann luachmhar a chruthú ar mórfhilí glúin Innti, agus ar an mbonn sin bhí Nuala Ní Dhomhnaill, Gabriel Rosenstock, Cathal Ó Searcaigh agus Biddy Jenkinson riachtanach, ar sé 

“Ansin roghnaíos filí eile ón nglúin sin a bhraitheas nach raibh a gceart faighte acu ó thaobh aitheantais, leithéidí Áine Uí Fhoghlú agus Pádraig Mac Fhearghusa. 

“Ansin filí den nglúin a tháinig ina ndiaidh: leithéidí Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Aifric Mac Aodha agus mé féin. 

“Ansin bhí mé ábalta mo roghanna randamacha  pearsanta féin a dhéanamh – Alan Titley atá ina ard-fhile chomh maith le húrscéalaí den scoth, agus Philip Cummings, an Feirsteach faobhar-intinneach. 

“Bhí daoine fágtha ar lár, leis, ceal spáis agus toisc go rabhadar ag léamh ag an bhféile Trasnú deireanach. 

Ní bhíonn a dhóthain ama ná spáis againn riamh, dar ndóigh,” arsa Simon.

Is mar gheall ar Covid-19 atá Crossways ag dul ar líne agus tá idir bhuntáistí agus mhíbhuntáistí ag baint leis an fhormáid, dar leis an Fhaolanach, a rugadh i mBaile Átha Cliath ach a tógadh in iarthar Chiarraí. 

“Tá an dá thaobh ann,” ar sé. “Mar a luaigh mé cheana, níl an deis cabaireachta agus cuideachta ann do na filí a bheadh ann dá mbeidís i bhfochar a chéile in aon áit amháin. 

“Ach sin ráite, le himeachtaí ar-líne, bíonn an lucht éisteachta féideartha i bhfad níos mó ann, ach iad a thabhairt i dtír. 

“Rud a bhraitheas féin faoi ná, murab ionann is an gnáthléamh filíochta, is féidir súil a bheith agat go mbeidh leordóthain daoine le Gaeilge líofa ann is gurb fhiú duit léamh as Gaeilge amháin, rud a dheineas féinig. 

“Nuair a léann file Gaeilge ag féile filíochta de ghnáth ní bhíonn ach salacharáil daoine le Gaeilge agus ní mór dul i muinín an aistriúcháin, rud a chuireann teorainn lena rogha,” arsa an file Baile Átha Cliathach.

Ar na buanna eile, ar ndóigh, beidh an bailiúchan d’fhíseáin ar líne ar Vimeo go dtí deireadh 2021, áis iontach do mhúinteoirí, do dhaltaí agus do dhuine ar bith a bhfuil suim acu san fhilíocht.

Mar gheall air seo a d’iarr Simon ar na filí léamh ar feadh 30 nóiméad agus leag sé síos treoracha eile. 

“D’iarramar orthu cuimhneamh gur saghas teist filíochta a bhí i gceist agus gurb fhiú a chinntiú go mbeadh a mórthéamaí agus a réimse saothair clúdaithe go cuíosach cuimsitheach acu. 

“B’é seo, chomh maith céanna, an chúis gur bheartaíomar go mbeadh na léamhanna á scannánú go caighdeán gairmiúil ag cineamatagrafaí ealaíonta.

“Ní rabhamar ag iarraidh dul leis an Zoom beo a bhíonn garbh go leor go minic. 

“Toisc na léamhanna a bheith ann go fad-téarmach, beidh deis ag daoine tumadh isteach ann ar feadh tamaillín nuair a oireann dóibh. 

“Is deacair an iomarca filíochta a ghlacadh in aon rúid amháin,” arsa Simon.

:: Beidh sibh in ann an Fhéile Crossways - Trasnú - Cumar a leanstan ar an suíomh idirlín, crosswaysfestival.org/crossways-2021-events ag toiseacht Oíche Aoine ar a 6pm. Beidh sé ar fáil ina dhiaidh sin ar an suíomh céanna go deireadh na bliana.