Irish-Language

Mná ag ceangal na n-ealaíona le chéile agus ag ceiliúradh na mban le linn na paindéime

<strong>IDIR CHORP AGUS ANAM:</strong> T&aacute; pl&eacute;isi&uacute;r agus abhar machnaimh le f&aacute;il sa saothar &uacute;r &aacute;lainn seo a dt&aacute;inig meitheal ban ild&aacute;na le ch&eacute;ile lena chruth&uacute;
IDIR CHORP AGUS ANAM: Tá pléisiúr agus abhar machnaimh le fáil sa saothar úr álainn seo a dtáinig meitheal ban ildána le chéile lena chruthú

LE LINN NA dianghlasála agus barraíocht am machnaimh ag daoine, tá sé thar a bheith furasta smaoineamh ar na hathruithe atá i ndiaidh teacht ar ár gcolainneacha i gcaitheamh na mblianta ach tá sé níos soiléire inniu agus muid inár suí sa teach agus cuid mhór againn gan na hacmhainní a ligfidh dúinn mórán aclaíochta a dhéanamh.

Is furasta gruaim a theacht ar dhaoine – mná ach go háirithe ar chúiseanna éagsúla – mar gheall ar na hathruithe fisiceacha seo go háirid orthu sin atá ag dul in aois ach tá gearrscannán úr ar tí teacht amach in dhéanfaidh ceiliúradh ar áilleacht dhochloíteach na mban fríd an fhocal labhartha, damhsa agus scannán.

Léirítear i Spéirbhean/Entity, a bhfuil foireann de chailíní is de mhná idir 8 agus 80 bliain d’aois páirteach ann, an dóigh a dtig le mná, idir óg agus aosta, a bheith sásta lena gcoirp. 

Déantar machnamh sa scannán ar na smaointe agus ar mhothúcháin na mban trí ghluaiseacht an damhsóra Clara Kerr agus tugtar léargas tuisceanach áthasachar na hathruithe dosheachanta fisiceacha agus mothúchánacha a tharlaíonn le himeacht aimsire.  

Agus í ag scríobh an focal labhartha don phíosa, rinne Myra iniúchadh ar an chodarsnacht idir saol inmheánach na mban agus a saol poiblí, rud a leanann ar aghaidh go síoraí ar feadh a saol. 

“Bhí mé ag iarraidh eispéireas coiteann s’againn, mar atá, an tsoghontacht, a nochtadh go hionraic agus ceiliúradh a dhéanamh ar an fhíorshaol,” ar sí.

“Léiríodh dúinn le linn na dianghlasála gur cheart a bheith cineálta linn féin agus le daoine eile agus ceanglaíodh ár saol poiblí agus príobháideach le chéile ar bhealach a éilíonn ionracas. 

“Tá mé thar a bheith sásta go seolfar an scannán sa tseachtain chéanna le Lá Idirnáisiúnta na mBan – is é an scannán seo an t-ionchur s’againn sa chomhrá domhanda faoi mhná agus a dteacht aniar,” arsa Myra.

Foireann ban a tháinig le chéile leis an saothar álainn meabhrach seo a chur le chéile, Myra a scríobh na focail (i nGaeilge le fotheidil Bhéarla); Clara Kerr a chruthaigh an chóiréagrafaíocht, agus ba í Jo Guthrie, stiúrthóir agus dearthóir a bhfuil duaiseanna bainte aici, a stiúir an scannán agus a chuir in eagar é. 

Sin ráite, ba é an sacsafónaí Dafydd Williams a scríobh an fhuaimrian atá mar chúlra an tsaothair.

:: Léireofar Spéirbhean/Entity, scannán ocht mbomaite, den chéad uair i bpáirtíocht leis An Chultúrlann ar Facebook agus YouTube Dé hAoine 12 Márta ar a 7pm agus beidh deis ann fosta, dul “ar chúl an stáitse” agus ceisteanna a chur ar an fhoireann chruthaitheach, an léiritheoir, Aisling McElroy, san áireamh. 

Is féidir clárú don imeacht bheo seo, a thitfidh amach Dé Sathairn seo romhainn 13 Márta ar 11rn, ag culturlann.ticketsolve.com/shows/1173607214