Irish-Language

Scéal Aisteoirí Ghaoth Dobhair á inse i leabhar úr le Noel Ó Gallchoir

<b>AOS DR&Aacute;MA&Iacute;OCHTA: </b>Aisteoir&iacute; Ghaoth Dobhair ag an Oireachtas i mBaile &Aacute;tha Cliath i 1952. (&Oacute; chl&eacute;) Niall &Oacute; Dubhthaigh, Proinsias &Oacute; Maonaigh, &Aacute;ine NicGiolla Bhr&iacute;de, Se&aacute;n Mac Aodha, &Aacute;ine Nic Gairbheith (U&iacute; Ghallch&oacute;ir) agus Se&aacute;n &Oacute; Gallch&oacute;ir.&nbsp;
AOS DRÁMAÍOCHTA: Aisteoirí Ghaoth Dobhair ag an Oireachtas i mBaile Átha Cliath i 1952. (Ó chlé) Niall Ó Dubhthaigh, Proinsias Ó Maonaigh, Áine NicGiolla Bhríde, Seán Mac Aodha, Áine Nic Gairbheith (Uí Ghallchóir) agus Seán Ó Gallchóir. 

TÍR DHEARÓIL go maith a bhí in Éirinn sna 1930idí, amuigh faoin tuath agus sna ceantracha Gaeltachta ach go háirithe agus, mar is gnách, fágtar faoi na gnáthdhaoine éachtaí a dhéanamh dóibh féin le cibé anró atá orthu a mhaolú. 

Is fríd na healaíona go minic a aimsíonn daoine feabhas éigin a thógann amach as leadrán an tsaoil ina bhfuil siad beo agus sin go díreach an rud a rinne bunadh Ghaoth Dobhair nuair a bhunaigh siad cumann drámaíochta a thuillfeadh clú agus cáil ar fud na tíre agus níos faide anonn le leithchéad bliain.

Faoi dheireadh, tá a scéal á inse i leabhar úr, Aisteoirí Ghaoth Dobhair, 1931-1981 le fear de bhunadh na háite, Noel Ó Gallchóir, ar scríbhneoir, drámadóir agus aisteoir é féin, ar ndóígh.

Bhí Noel ar dhuine de na daoine a thit faoi dhraíocht na drámaíochta agus é ina fhear óg a bhuíochas d’Aisteoirí Ghaoth Dobhair.

Ghlac sé naoi mbliana leis an leabhar a cur i dtoll a chéile agus ní nach ionadh mar tá sé lomlán de scéalta agus de phictiúir allabhracha a ligeann duit boladh na gréisclí a fháil óna leathanaigh beagnach.

Mar a mhínigh Noel dom i gcomhrá Zoom an tseachtain seo, nuair a bunaíodh an compántas drámaíochta, bhí Gaoth Dobhair buailte go dona ag an imirce.  

“Cuid mhór den aos óg, ba ghnách leo dul chun an Lagáin ar feadh sé mhí nó ní raibh rogha acu ach dul go hAlbain nó go Sasain nó chun na Breataine Bige, cuid eile acu, chuaigh siad go Meiriceá, mar sin ceantar bocht tuaithe iargúlta a bhí ann an t-am sin,” ar sé.

Ní raibh de chaitheamh aimsire ag daoine óga ach a bheith ag imirt cártaí ach in 1931 ag oíche airneáil i dtigh Eoghain Mhic Giolla Easbuic (Ownie Eoghain Ruaidh), mhol Eoghan Mac Giolla Bhríde, ar mhac léinn leighis é, go mbainfí triall as caitheamh aimsire eile – an drámaíocht.

“Bhí siad i ndiaidh a bheith ag dráma Béarla i Halla Dhoirí Beaga a chuir muintir na Rosann ar an ardán agus thoisigh siad a chomhrá faoi chumann dá gcuid féin a chur ar bun,” a mhínigh Noel dom.

Agus cé go raibh an ceantar ar an ghannchuid maidir le maoin shaolta, bhí an cultúr i gcónaí láidir fá ghleanntáin ghlasa Ghaoth Dobhair.

“Oh, cinnte,” arsa Noel. “Gaoth Dobhair, na Rosa, Cloch Cheannfhaola, bhí saibhreas millteanach ann.

“Tá tagairt agam sa leabhar don nós a bhíodh ann, nuair a foilsíodh leabhar de chuid Shéamais Uí Ghrianna, ba ghnách leofa sin a léamh sna tithe i Rann na Feirste agus trasna an ghaoth i Machaire Loiscthe, mar sin, cé nach raibh drámaíocht ann, bhí cuid mhór scéalaíochta agus seanchas ag dul ar aghaidh,” arsa Noel agus ba é an cuspóir a bhí ag Eoghan Mac Giolla Bhríde, fear óg a bhí ag déanamh staidéar ar an leigheas i mBaile Átha Cliath, ní amháin an drámaíocht a chur chun cinn ach an Ghaeilge a láidriú chomh maith.

“Deireadh Eoghan go mion minic gur ghléas a bhí sa drámaíocht i dtreo dhíGhalldú na hÉireann agus Éire a dhéanamh Gaelach in athuair,” arsa Noel.

Ar an drochuair, fuair Eoghan bás agus é an-óg i 1939 agus ocht gcorn buaite ag Aisteoirí Ghaoth Dobhair faoina stiúir ach lean an dea-obair ar aghaidh agus ghlac a dheirfiúr, Áine Nic Giolla Bhríde, le stiúradh an chumainn.

Cuireann Noel cuid mhór den rath a bhí ar Aisteoirí Ghaoth Dobhair síos d’Áine. Mar a deir sé, caithfidh léiritheoir maith a bheith agat ach ní raibh sé furasta ag Áine mar rinne sí tagairt go minic do na baill an chumainn arbh éigean dóibh imeacht thar sáile. Chuireadh sí oiliúint ar aisteoirí maithe ach i bhfaiteadh na súl, bhí siad ar shiúl.

Ach bhí tobar na tallainne ag cur thar maoil agus mar léiriú ar an rath a bhí ar Aisteoirí Ghaoth Dobhair, bhí 25 corn bainte acu faoi 1955.

An bhliain sin, chinn an coiste go gcuirfeadh siad a ndúthracht uilig i bhfeachtas chun amharclann úr a thógáil sa bhaile agus, cé gur theip ar dhá iarracht amharclann

Ghaeilge a bhunú i mBaile Átha Cliath mar gheall ar chúrsaí airgid ach i ndiaidh feachtais dhian, d’éirigh le grúpa drámaíochta in iarthuaisceart bocht Thír Chonaill an t-airgead a thiomsú agus i 1961, d’oscail an t-aisteoir aitheanta Siún Ní Chionnaigh Amharclann Ghaoth Dobhair.

Aistriúcháin is mó a rinne an compántas, cé gur scríobh Eoghan Mac Giolla Bhríde bundrámaí ar nós In Aimsir an Mhairtínigh atá bunaithe ar an Athair Seamus Mac Pháidín agus mar a bhí sé ina cheannaire ar phobal Ghaoth Dobhair sna coimhlintí in éadan na dtiarnaí talaimh i 1889.

Ach cibé dráma a bhí ar an ardán, thiocfadh a bheith cinnte go mbeadh foireann mhaith aisteoireachta faoi stiúir léiritheoir cumasach agus go mbeadh lucht mór féachana i láthair lena fheiceáil.

Ach i gcaitheadh na mblianta, tháinig meath ar an amharclann agus druideadh in 2008 í.

“Bhí an áit agus na haisteoirí in ísle brí ach in 2017 osclaíodh Amharclann Ghaoth Dobhair in athuair agus bíonn léirithe rialta ar siúl agus tá athbheochan ar na geamaireachtaí a bhí chomh clúiteach sin sna 1960idí agus 1970idí mar sin, tá sprid úr ann – ainneoin an Covid – agus tá traidisiún láidir aisteoireachta sna bunscoltacha, ábhar dóchais don am atá le teacht,” arsa Noel.

:: Tá Aisteoirí Ghaoth Dobhair, 1931–1981 ar fáil i siopaí leabhar nó is féidir é a cheannach ar líne ó Chló Iar-Chonnacht (cic.ie), An Ceathrú Póilí (anceathrupoili.com) nó litríocht.com.

Seolfar an leabhar amárach ar a 8pm, cuardaigh an ócáid ar eventbrite.com, téigh chuig an leathanach Facebook Thall is Abhus nó úsáid an nasc: youtu.be/hmgR4HR5tF8