Life

Carn Tóchair - áit dhraíochta ina bhfíoraítear aislingí

Tá baile fearainn i gContae Dhoire ag tuilleamh chlú agus cáil mar gheall ar a saothar ceannródaíoch le corradh agus 30 bliain anuas

Members of Coiste Forbartha Charn Tóchair who are celebrating their successes over the past 30-odd years
Eiseamláir don tír ar fad iad an grúpa seo de ghníomhaithe a thuigeann an frása “glacann sé sráidbhaile le páiste a thógáil” ach tá díograis Choiste Forbartha Charn Tóchair dírithe ar an phobal uilig, idir óg agus aosta, agus ar an timpeallacht nádúrtha agus chultúrtha thart orthu (Ciaran Kelly)

Dé hAoine seo caite, reáchtáladh ceiliúradh ar an obair atá déanta ag Coiste Forbartha Charn Tóchair ar a saothar éachtach le tríocha bliain anuas.

Le linn chuid de na blianta sin, chuir mé aithne ar an choiste, ar an cheantar agus ar an phobal agus thuig mé go maith cén fáth gur mhol Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge go mbeadh sé “ina bheartas oifigiúil de chuid Rialtas na hÉireann ‘Samhail Charn Tóchair’ a chruthú i ngach contae in Éirinn.”

Sin chomh spreagúil is atá an Ghaeltacht tuaithe i gContae Dhoire agus fuair mé féin blaiseadh de sin.

Bhínn i mo mholtóir ar Fheis Charn Tóchair ar feadh traidhfil de bhlianta agus cúram na bpáistí is óige fúm agus iad ag aithris ranna beaga a d’fhoghlaim siad ar an naíscoil nó ar an bhunscoil.

Bhí mé ag dúil le cúpla scór páiste ach bhí thaire céad ann!

Bliain i ndiaidh bliana, chonaic mé na páistí ag fás aníos, na ranna ag éirí níos casta agus a bhféinmhuinín ag dul i méid an t-am ar fad.

Chonaic mé buanna na Gaelscolaíochta sna páistí seo atá ina ndéagóirí seo.

Ar an chéad bhliain dom, ag am sosa, tugadh ar chuairt thart ar an cheantar mé agus taispeánadh cuid de na séadchomharthaí ársa atá go fairsing sa chuid sin de Dhoire.

Bliain eile, le linn dom a bheith ag moltóireacht, chuaigh mo bhean á fhoghlaim faoin nádúr ag seisiún sealgaireachta i nDroim nDamh, an anaclann dúlra atá mar iarsma d’fhoraois ársa Ghleann Con Cadáin agus Coill Íochtaire a chlúdaigh beagnach 80 míle cearnach idir Loch nEachach agus na Speiríní tráth.

Tá an ceantar luaite i dTáin Bó Chuailgne, scéal ársa de chuid na Fiannaíochta.

Ní iontas ar bith é go ndeachaigh mé ar ais go Carn Tóchair, mé liom féin, le siúl ar an Charn le sult a bhaint as na radharcanna agus as cuimhneamh ar na heisimircigh a d’fhág cloch ar Charn na nImirceach sular bhain siad Cé Dhoire amach le himeacht leo thar sáile.

Níl rud ar bith is fearr liom ná cuairt a thabhairt ar Charn Tóchair le linn na féile s’acu i mí Iúil.

Tá an fhéile ar cheann de na hamanna sin sa bhliain ina bhfeiceann tú an pobal ag obair as lámh a chéile.

Tá an poc fada ann, siúlóidí treoraithe a léiríonn suíomhanna a bhfuil tábhacht stairiúil ag baint leo ach nach dtabharfá faoi deara mura mbeadh a fhios agat gurbh ann dóibh, idir thuamaí, shéadchomhartha agus an teach clúiteach allais atá sa cheantar.

Thuig muintir Charn Tóchair riamh anall cad é atá tábhachtach i saol an duine, cad é a chothaíonn idir chorp agus anam, mar sin de, leagadh béim ar chúrsaí oideachais, cúrsaí spóirt, cruthú postanna do bhunadh na háite, an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach, an timpeallacht agus gnéithe eile.

An Chéad Aire Michelle O’Neill ag caint le Niall Ó Catháin agus iad i gcuideachta Liam Uí Fhlannagáin agus Claire Doherty ón Charn
An Chéad Aire Michelle O’Neill ag caint le Niall Ó Catháin agus iad i gcuideachta Liam Uí Fhlannagáin agus Claire Doherty ón Charn (Ciaran Kelly)

An Aoine seo caite, rinneadh ceiliúradh ar gach a bhfuil bainte amach ag laochra Charn Tóchair a bunaíodh ar 8 Eanáir 1992 le dul i ngleic le hiarmhairtí an imeallaithe eacnamaíoch, sóisialta agus tíreolaíoch, an diansaothraithe talmhaíochta agus an mheath a bhí ag teacht ar an cheantar tuaithe seo leis na glúnta.

Ar na hiarmhairtí sin bhí míbhuntáiste sóisialta agus eacnamaíoch, eisimirce eacnamaíoch, meath na ngnáthóg nádúrtha agus an titim in úsáid na Gaeilge mar theanga phobail bheo.

Á dtreorú ag a bhfís le dul i ngleic leis an imeallú eacnamaíoch, sóisialta agus tíreolaíoch, tá áiseanna agus acmhainní An Carn anois ina mol bisiúil pobail ina bhfuil siopa ceardaíochta, caifé, amharclann, lóistín féinfhreastail agus Tearmann Dúlra Dhroim nDamh, atá faoi úinéireacht an phobail.

Mar chuid den lá mór, thug an Chéad-Aire, Michelle O’Neill, cuairt ar an Charn.“Tá moladh mór tuillte ag tiomantas Choiste Forbartha Charn Tóchair do chaomhnú agus do chur chun cinn ár n-oidhreachta agus is inspioráid dúinn uilig a ndúthracht ag cothú pobal bríomhar ionchuimsitheach sa cheantar,” ar sí.

“Inniu tá muid ag ceiliúradh a bhfuil bainte ag an Choiste Forbartha go dtí seo agus fosta ag amharc chun tosaigh go muiníneach ar fhorbairt leanúnach an cheantair seo san am atá romhainn.”

I measc na mbuaicphointí ó bunaíodh an Coiste Forbartha i 1992, tá cuairt an Uachtaráin Máire Mhic Giolla Íosa in 2011, ceannach Thearmann Dúlra Dhroim nDamh in 2013, agus aitheantas oifigiúil don athbheochan teanga le stádas Líonra in 2021.

Is aitheantas é an stádas Líonra do shaothar an Choiste Forbartha ag cur na Gaeilge chun cinn sa phobal, agus go háirithe ar bhearta le tacú le rannpháirtíocht ghníomhach an aosa óig trí ghníomhaíochtaí ar nós clubanna óige, drámaíocht, amhránaíocht agus scéimeanna ceannaireacht óige.

Ar shon an Choiste Forbartha Charn Tóchair, dúirt Liam Ó Flannagáin gur ábhar bróid é díograis an phobail.

“Tá mé iontach bródúil as an mhéid atá bainte amach ó thosaigh muid ar an togra seo tríocha bliain ó shin.

“Tá an dul chun cinn sin uilig bunaithe ar an tiomantas atá á léiriú ag an phobal anseo don teanga agus dár n-oidhreacht chultúrtha agus timpeallachta,” ar sé.

Le ceiliúradh a dhéanamh ar na forbairtí uilig atá bainte amach, sheol Carn Tóchair taispeántas darb ainm Carnlann Dé hAoine seo caite, taispeántas a léiríonn an dul chun cinn atá curtha i gcrích sa Ghaeloideachas, i gcúrsaí dúlra agus oidhreachta, cultúrtha agus timpeallachta agus ag aibhsiú na n-imeachtaí bliantúla difriúla sa phobal cosúil le féilte, na healaíona agus an clár óige.

Muintir Charn Tóchair agus a chairde ar bhóithrín na smaointe ag ann taispeántas grianghráfanna, Carnlann
Muintir Charn Tóchair agus a chairde ar bhóithrín na smaointe ag ann taispeántas grianghráfanna, Carnlann

Beidh an taispeántas ar oscailt don phobal le linn na seachtaine seo.

Ach bí cinnte nach bhfuil Carn Tóchair ag ligin a maidí le sruth – coinnigh súil amach.