Irish Language

Beidh an pobal agus criticeoirí ar aon intinn faoi Aontas

I ndiaidh mé réamhthaispeántas a fheiceáil, thig liom a rá go bhfuil sé speisialta ar chúiseanna éagsúla

Tá dóígheanna éagsúla ann le aistarraingt airgid a dhéanamh i gComhar Creidmheas ach ní mholtar é a dhéanamh le gunna i do láimh
Tá dóígheanna éagsúla ann le aistarraingt airgid a dhéanamh i gComhar Creidmheas ach ní mholtar é a dhéanamh le gunna i do láimh (chris barr)

Tá siad ag teacht go tiubh anois – mórscannáin iontacha agus iad i nGaeilge, ón Cailín Ciúin go Kneecap agus tá ceann úr réidh le dul faoi bhráid an phobail, Aontas agus é faoi stiúir ag an rud is fearr dá dtáinig riamh amach as an Lorgáin – Damian McCann.

Tá Damian ag bláthú ó rinne sé a chéad scannán faisnéise nuair a bhí sé 24 bliain d’aois agus go leor scannán eile faoina chrios aige, rinne sé a chéad mhórscannán, Doineann, i 2021.

D’éirigh go breá leis an scéinséir agus ní nach ionadh go bhfuair Damian an deis scannán eile a dhéanamh agus ar an 22ú Feabhra, beidh Aontas le feiceáil le linn Fhéile Scannánaíochta Bhaile Átha Cliath.

I ndiaidh mé réamhthaispeántas a fheiceáil, thig liom a rá go bhfuil sé speisialta ar chúiseanna éagsúla.

Baineann Aontas le robáil comhar creidmheasa amuigh faoin tuath áit éigin in Éirinn, triúr ban in éadaí dubha agus balaclavas orthu.

Ábhar grinn dar leat ach cruthaíonn an ceol agus bogadh an cheamara atmaisféar bagrach agus tuigeann tú go bhfuil na mná seo lándáiríre, inchurtha ag uafás ar bith.

Ach ag an am céanna, tá greann ann chomh maith agus beidh an lucht féachana idir dhá chomhairle idir cé acu tá na mná seo bómánta nó mí-éifeachtach amháin.

Dé réir a chéile a fhaigheann muid amach na fórsaí a bhrúigh an triúr seo i dtreo na coiriúlachta.

Tá Aontas mar a bheadh bábóg Rúiseach ann, scéal taobh istigh de scéal eile taobh istigh de scéal arís eile agus mar sin de.

Tá sé thar a bheith cliste ach gan é a bheith róchliste le go gcaillfidh an lucht féachana suim ann. Sin ráite, ní thig leat d’intinn a mhúchadh ag amharc ar Aontas.

Chuir mé ceist ar Damian an tseachtain seo, cad é mar a gineadh na smaointe a tháinig le chéile sa scannán.

“Bhuel, thosaigh muid ar an aistear seo cúpla bliain ó shin agus is cuimhin liom staitistic a léamh a mhaígh nach ndéan ach 10% de stiúrthóirí an dara scannán,” ar sé.

“Bhí mé cineál scanraithe aige sin agus, in áit a bheith ag fanacht thart ag dúil le daoine teacht chugamsa le smaointe, bhunaigh mé féin agus mo bhean chéile, Sarah, comhlacht darb ainm Púca Films.

“Ansin chuaigh muid chuig na maoinitheoirí a chuidigh linn Doineann a dhéanamh – TG4, BBC Gaeilge agus an Ciste Craoltóireachta Gaeilge a raibh scéim darb ainm Gealán acu agus chuir muid isteach air sin.

“Bhí an coincheap againn agus ón chéad mhaoiniú sin, bhí muid in ann é a fhorbairt,” arsa Damian.

As sin a d’eascair Aontas. Scannán faoi ghadaíocht atá ann, ceann de na seánraí is ansa le Damian.

“Oh, is breá liom heist movies, sin na scannáin is mó a mbím ag amharc orthu, leithéidí Heat, Charley Varrick agus mar sin de. B-movies sa chuid is mó,” ar sé.

I gcuideachta le Sarah Gordon, a bhean, smaoinigh siad ar heist movie suite in áit iargúlta in Éirinn agus ar ndóigh, sna háiteanna sin go minic, is é an Comhar Creidmheasa an foirgneamh is mó ar an bhaile.

Mar sin de, mar is éigean, b’éigean do Damian taighde a dhéanamh ar robálacha i gComhair Chreidmheasa ach bhí cuidiú in aice láimhe!

“Shíl mé go mbeadh a fhios ag mo thuismitheoirí ar tharla robáil ar bith sa chomhar creidmheasa ar an Lorgán riamh agus chuir mé ceist orthu.

“‘An bhfuil tú ag magadh’ ar siad liom, ‘tharla sé an t-am ar fad!’” a mhínigh Damian, ag gáire.

Agus d’fhoghlaim sé rud nach raibh a fhios aige. Tharla robáil sa Chomhar Creidmheasa ar an Lorgán nuair a bhí a mháthair ag obair ann, blianta sular tháinig Damian ar an tsaol.

“Agus an bhfuil a fhios agat cad é a dúirt sí liom?” a d’fhiafraigh Damian.

“Dúirt mo mháthair liom, ‘dá mbeinnse lena dhéanamh, seo mar a dhéanfainn é!

“Ach ba é an rud ba shuimiúla agamsa é, ní cad é mar a dhéanfá é ach cad chuige an mbeifeá ag iarraidh Comhar Creidmheasa a robáil.”

Agus sin croí an scéil atá preabadh fríd Aontas.

Mar gheall ar an ghreann, d’ainmnigh máthair Damian, cuid de na daoine a bheadh ag cuidiú léi sa robáil, gaolta agus comharsana agus mar sin de, baill den phobal ach is ann do na comhair chreidmheasa le bheith ag cuidiú leis an phobal, agus má dhéantar robáil air, is ag goid ó do chomharsana atá tú. Sin gné eile thar a bheith suimiúil in Aontas.

Is minic casadh sa scéal a bheith ag deireadh scannáin ach tá castaí síos fríd Aontas cionn is - spoiler alert – insítear an scéal droim ar ais. Tosaíonn sé ag an deireadh agus bogann sé siar. Sin an fáth go bhfuil sé doiligh gan d’aird iomlán a bheith agat ar a bhfuil ag titim amach.

Bhí sé mar an gcéanna i scannáin bhreátha ar nós Memento, Fight Club, Pulp Fiction agus mar sin de.

Ach chomh leis an fhoireann ar chúl an cheamara, tá ardmholadh ag dul do na haisteoirí uilig in Aontas.

Ar thús cadhnaíochta, tá Carrie Crowley, a bhí in An Cailín Ciúin, ar ndóigh; Bríd Brennan a bhí i Doineann agus Eva-Jane Gaffney (Kin, Harry Wild) ann, aisteoirí den chéad scoth a bhfuil tallann iontach iontu agus an-taithí acu.

Feicfear Aontas den chéad uair ag Féile Scannánaíochta i Santa Barbara i gCalifornia ar an 12 Feabhra ach beidh an chéad taibhiú Eorpach d’Aontas le feiceáil mar chuid d’Féile Scannáin Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath ar a 6pm ar an 22 Feabhra i bPictiúrlann an Lighthouse i mBaile Átha Cliath.

Tá dóígheanna éagsúla ann le aistarraingt airgid a dhéanamh i gComhar Creidmheas ach ní mholtar é a dhéanamh le gunna i do láimh