Tá Táin Bó Chúailgne ar na scéalta litríochta is clúití agus is mó meas in Éirinn, Iliad na hÉireann mar a tugadh air.
Tá an chinniúint chéanna i ndán d’Fhéile na Tána, féile cheoil sa cheantar céanna atá ar tí an t-aonú féile déag a cheiliúradh ag deireadh na míosa.
Sa chlár nua-fhoilsithe, tá liosta de bhreis agus seachtain d’imeachtaí iontacha agus iad ar siúl sa chontae is lú in Éirinn – Contae Lú.
Tá Leithinis Chúailgne (Cuaille i nGaeilge an lae inniu) sáite i miotas, finscéalta agus stair, ag dul siar go dtí laethanta réamhstairiúla Táin Bó Cúailnge, ceann de na heipicí is sine san Eoraip, agus tá Cairlinn, sráidbhaile álainn meánaoiseach gnóthach ag ullmhú gach rud a chur in áit le fáilte a chur roimh níos mó ná daichead ceoltóir iomráiteach, amhránaithe, filí, damhsóirí agus os cionn céad dalta díograiseach ceoil go dtí an ceantar.
Tá cáil ar an fhéile as oidhreacht shaibhir na n-ealaíon traidisiúnta agus taistealaíonn daoine ó chian is ó chóngar le sult a bhaint as na féilte.
Suite ar chladach Loch Cairlinn agus Muir Éireann, is ceantar sár-áilleachta é seo, Sliabh Fea ar thaobh amháin den loch agus Sléibhte Mhúrn ar an taobh eile.
Tá an ceantar iontach oiriúnach do dhaoine a bhfuil suim acu i siúlóidí sléibhe, gníomhaíochtaí uisce, rothaíocht ar an fhéarbhealach nó sult a bhaint as atmaisféar agus draíocht seisiún ceoil traidisiúnta na hÉireann agus blaiseadh na n-oisrí áitiúla a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu.
Ag tosnú i dtimpeallacht álainn Ionad Oidhreachta Chairlinn, beidh ceiliúradh ar cheol Oirialla ar an Domhnach 26 Eanáir ag 4pm, le ceol le Micheál agus Mac Dara Ó Raghallaigh ar an chonsairtín agus ar an fhidil; an t-amhránaí Piaras Ó Lorcáin, Zoë Conway ar an fhidil le Dónal Lunny ar an bouzouki agus an staraí/scéalaí áitiúil Seamus Murphy.
Ar an Déardaoin 30 Eanáir ag 7in, tar agus bain sult as ceol iontach Mick O’Brien (píb uilleann, feadóg mhór) agus Caoimhín Ó Raghallaigh (fidil, fidil Hardanger, feadóg), duo a bhfuil cáil dhomhanda orthu.
Ina gcuideachta, beidh an cumadóir, Donnchadh Mac Aodha (cláirseach, feadóg mhór, feadóg stáin) agus beidh an choirm ar siúl in Ionad Oidhreachta Chairlinn.
Ar bhuaicphointí eile chlár na bliana seo, tá coimisiún nua ón chumadóir Riverdance, Bill Whelan do cheithre chruit Éireannach.
Beidh an cheolchoirm seo ar siúl ar an Aoine, 31 Eanáir in Ionad Oidhreachta Chairlinn agus é á chur i láthair i gcomhar le Cláirseach Éireann agus
Poetry Ireland agus beidh cruitirí ó cheithre chúige na hÉireann – Aisling Lyons, Cormac de Barra, Éilis Lavelle agus Séamus Ó Flatharta.
Chomh maith, beidh léiriú duo ina mbeidh Séamus agus Caoimhe Ó Flatharta ag canadh agus ag seinm.
Mar chuid den ócáid chéanna, beidh an file iomráiteach Moya Cannon i mbun coimisiún ó Cláirsí Éireann dar teideal Bunting’s Honey agus Aisling Lyons ar an chláirseach.
Beidh mic léinn ceoil Éireannach de gach aois ag taisteal ó chian is ó chóngar chun freastal ar na ceardlanna ag Bunscoil Bush ar an Satharn 1 Feabhra, iad ag glacadh páirte i ranganna le léiritheoirí a bhfuil cáil dhomhanda orthu Noel Hill - consairtín; Mary Bergin - feadóg stáin; Enda Scahill - bainseó; Maighread Ní Dhomhnaill - amhránaíocht; Barry Kerr - fliúit; Damien Mullane - bosca ceoil; Stephanie Keane - damhsa ar an sean-nós agus go leor eile.
Tá ceardlanna ann do cheoltóirí a bhfuil trí bliana nó níos mó de thaithí acu ar a n-uirlis, ach beidh tosaitheoirí in ann páirt a ghlacadh sna ranganna éasca feadóg stáin, amhránaíochta nó damhsa ar an sean-nós.
Agus murar leor sin, beidh neart seisiúin, ciorcail amhránaíochta, ceolchoirmeacha ceoltóirí óga, léachtaí, taispeántais, céilí agus go leor eile le linn na féile!
Tiocfaidh na ceoltóirí, amhránaithe agus damhsóirí mór le rá le chéile i gceolchoirm ar leith i Halla Naomh Mícheál, Cairlinn do phríomhcheolchoirm na féile ar an Satharn 1 Feabhra ag 8pm - ceolchoirm bhliantúil a ardaíonn an díon i gcónaí!
Le ticéid a chur in áirithe nó le haghaidh tuilleadh eolais, gabh chuig www.feilenatana.com
Edna ar an Bhóthar Ghorm
Bhí an scríbhneoir Edna O’Brien 92 bliana d’aois nuair a thosaigh an scannánóir Sinéad O’Shea ag déanamh scannán faisnéise fúithi.
Is é atá in The Blue Road - the Edna O’Brien Story ná scéal Edna á inse fríd na dialanna pearsanta a roinn sí le Sinéad.
Bhí O’Shea ábalta agallaimh a chur uirthi ach b’éigean iad a bheith gairid.
“Ní raibh Edna ábalta dul ar aghaidh níos mó ná 30 bomaite i ndáiríre,” ar sí.
“Mar sin b’éigean an chéad agallamh sin a ghearradh siar mar mhothaigh sí tinn.
“Chuaigh sí isteach san ospidéal an lá dár gcionn ach mar thuig sí go raibh ag tabhairt faoi seo go han-dáiríre.
“Mar sin thosaigh sí ag seoladh na nótaí fada gutha seo chugam ag moladh smaointe, rudaí le seachaint, coincheapa éagsúla a bhí aici don scannán.
“Ansin nuair a tháinig sí amach as an ospidéal, chuaigh mé ar ais chuig a teach agus rinne mé cúpla agallamh fuaime chomh maith. Mar sin bhuail mé léi cúpla uair thar na sé mhí ina dhiaidh sin agus ansin ag deireadh mhí Aibreáin 2024.”
Fuair Edna bás ar an 27 Iúil 2024.
Beidh dialanna O’Brien á léamh ag an aisteoir Jessie Buckley sa scannán chomh maith le hagallaimh le hEdna a bheidh le feiceáil
Beidh The Blue Road _ The Edna O’Brien Story le feiceáil i QFT ón Aoine seo.