Irish Language

Naimhdeas an DUP ina chonstaic ar fud na hÉireann

Cuireann Ó Tiarnaigh cuid den locht ar an DUP as an ghéarchéim seo

Tháinig ionadaithe ó eagraíochtaí Gaeilge ó achan chearn den tír i gceann a chéile i mBaile Atha Cliath inniu chun áird a dhíriú ar an ghéarchéim mhaoinithe sa pobal faoi láthair.
Tháinig ionadaithe ó eagraíochtaí Gaeilge ó achan chearn den tír i gceann a chéile i mBaile Atha Cliath inniu chun áird a dhíriú ar an ghéarchéim mhaoinithe sa pobal faoi láthair.

Tá éiceachóras mhaoiniú na Gaeilge ag titim as a chéile. Sin an teachtaireacht a chualathas ag an Tionól Géarchéime a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo le aghaidh a thabhairt ar na ciorruithe €817,000 a d’fhógair Foras na Gaeilge an tseachtain seo caite.

Is ciorruithe iad a dhéanfaidh dochar nó a chuirfidh as feidhm tionscadail ar fud na tíre, dar le Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide Chonradh na Gaeilge, mar sin de ní nach ionadh go raibh scaifte mór i láthair ag an Tionól i bhfoirgneamh an cheardchumainn Unite.

“Tháinig grúpaí Gaeilge as gach cearn den tír agus iad thar a bheith buartha faoi na ciorruithe seo agus an tionchar a bheas acu ar sheirbhísí s’acu,” arsa Ó Tiarnaigh.

Orthu sin, tá scéimeanna samhraidh, cumainn óige, seirbhísí tacaíochta teaghlaigh agus ar aile – tograí arb ann dóibh ar mhaithe leis an phobal ar fad agus ní amháin leis an Ghaeilge a chur chun cinn.

Cuireann Ó Tiarnaigh cuid den locht ar an DUP as an ghéarchéim seo.

“Is ábhar mór díomá é go bhfuil muid ag an phointe go bhfuil DUP ag cur bac ar mholtaí a leasódh Foras na Gaeilge agus a réiteodh go leor de na fadhbanna móra sa ghearrthréimhse ar a laghad.

“Tá an DUP i ndiaidh bac a chur ar mholadh nua ar aontaigh an dá Aire Airgeadais leis i mí Meán Fómhair 2024 ach tá tionchar ag idé-eolaíocht agus fealsúnacht fhríth-Ghaeilge an DUP ar chúrsaí Gaeilge ní amháin ó thuaidh ach fud fad na tíre,” arsa Ó Tiarnaigh atá ina ghníomhaí Gaeilge agus ina cheannaire ar an Dream Dearg fosta agus a chreideann go bhfuil sáinn agus géarchéim pholaitiúil ar na bacáin fosta.

“Chonaic muid roimhe é, go ndéan an DUP ionsaithe go minic ar an Ghaeilge agus is féidir leis an naimhdeas sin dochar mór a dhéanamh don Fheidhmeannas ó thuaidh,” ar sé.

Cé go bhfuil cuid mhór don lucht á chur ar an DUP, níor tháinig Foras na Gaeilge saor ó cháineadh ach oiread.

Is fada Conradh na Gaeilge ag cáineadh an Fhorais ach níl an locht go hiomlán ar an eagraíocht thras-teorainn sa chás seo.

Maidir leis an ghéarchéim is déanaí, deir Ó Tiarnaigh gur fhógair Foras na Gaeilge na ciorruithe agus an easpa airgid a bhí á chrá sna meáin ag deireadh mhí Eanáir ach níor cuireadh na grúpaí Gaeilge ar an eolas faoi na dóigheanna a rachadh na ciorruithe i bhfeidhm orthu siúd.

“Sin ráite, ní féidir linn an locht a cur ar an Fhoras an iarraidh seo mar tá sé de dhualgas ar an dá rialtas an Foras a mhaoiniú mar is ceart,” ar sé.

“Tá sé iontach soiléir nach bhfuil go leor airgid ag an eagraíocht thras-teorainn, tráth a bhfuil cuntais oibríochtaí Foras na Gaeilge – idir thuarastail, phinsin, chíos agus gach rud a thagann le heagraíocht mar sin a reáchtáil – ag méadú bliain i ndiaidh bliana, rud a chiallaíonn go bhfuil níos lú airgid ar fáil do scéimeanna.”

Tá Pádraig Ó Tiarnaigh ar lorg réitigh d’easpa maoinithe an Fhorais
Tá Pádraig Ó Tiarnaigh ar lorg réitigh d’easpa maoinithe an Fhorais (Mal McCann)

Measann Ó Tiarnaigh go bhfuil gluaiseacht na Gaeilge ag tarraingt ar “thairseach chriticiúil” ina mbeidh bunús airgid Fhoras na Gaeilge á chaitheamh ar an Fhoras féin.

Bhí dearcadh coitianta le cluinstin le linn an Tionóil Ghéarchéime go bhfuil Foras na Gaeilge iomlán briste mar struchtúr maoinithe thuaidh/theas ach cad é is féidir a dhéanamh faoi sin?

Cuireadh roghanna éagsúla ar an tábla – glacadh leis na ciorruithe, tuilleadh airgid don Fhoras a mhealladh ó rialtas na hÉireann nó an tríú rogha.

“Murar féidir Foras na Gaeilge a réiteach – agus tá sé sin go hiomlán ag brath ar an DUP – beidh orainn a bheith ag amharc ar fhoinsí eile a chruthódh ‘píblíne’ le hairgead rialtas na hÉireann a sheachadadh ar ghrúpaí Gaeilge,” arsa an Dr Ó Tiarnaigh.

Deir sé go bhfuil an t-airgead ann ach cad é mar is féidir an t-airgead sin a fháil a fhad leis na grúpaí ar an talamh.

Ní féidir é a chur fríd Fhoras na Gaeilge mar thoradh ar an easpa maoinithe atá ag teacht ón taobh ó thuaidh den teorainn.

Tá go leor grúpaí Gaeilge ar an dé deireadh cheana féin agus gan iad ábalta a bhfoirne a íoc.

“Tá éiceachóras na Gaeilge ag creimeadh os ár gcomhar,” ar sé.

Mar shampla, deir Glór na nGael go bhfuil an comórtas náisiúnta i mbaol den chéad uair ó bhí 1961 ann agus go bhfuil siad ag tabhairt aghaidh “ar dhúshláin airgeadais” mar gheall ar an easpa méadú ar mhaoiniú ó 2015 i leith.

“Mar thoradh air seo,” a dúirt siad i ráiteas, “b’éigean do Bhord Stiúrtha na heagraíochta “cinntí deacra” a ghlacadh chun caiteachas a laghdú.

“Aithníonn an Bord gur figiúr i bhfad níos airde ná an €800,000 atá riachtanach d’Fhoras na Gaeilge chun teacht i dtír ar an mhéadú ar chostais reatha ó 2015.

“I gcás Ghlór na nGael amháin, tá €300,000 i gceist.

“Tá Glór na nGael tiomanta do sheirbhísí tacaíochta a chur ar fáil do ghrúpaí pobail agus do lucht labhartha na Gaeilge, agus is mian le Bord Stiúrtha na heagraíochta a dhearbhú go leanfar leis na seirbhísí tacaíochta sin le linn na géarchéime reatha airgeadais.

Tuigeann Glór na nGael na deacrachtaí atá ag titim amach ach go háirithe ar na grúpaí atá maoinithe ag Foras na Gaeilge,” ar siad.

Tá Glór ag iarraidh ar ghrúpa ar bith a bhfuil na deacrachtaí seo ag teacht idir iad agus cur i gcrích a gclár oibre, teagmháil a dhéanamh leo.

“Agus liosta cuimsitheach curtha le chéile de na scéimeanna/gnímh atá i mbaol, éileofar scéim tharrthála do na coistí pobail sin atá faoi strus. Meastar go mbeadh costas €75k-€100k ar scéim ghearrthréimhseach den chineál seo,” arsa Glór.

“Níl sé d’acmhainn ag an eagraíocht Ócáid Bhronnta Duaiseanna Chomórtais Náisiúnta Ghlór na nGael a eagrú i mbliana ach eagrófar próiseas moltóireachta an chomórtais ar líne agus, a bhuíochas do Roinn na Gaeltachta, bronnfar €15,000 ar bhuaiteoirí an chomórtais agus €5,000 mar dhara duais.

Cé nach mbeidh duaischiste iomlán ann i mbliana, tá Glór na nGael fíorbhuíoch as an dílseacht agus an tacaíocht leanúnach atá léirithe don chomórtas ag coistí Gaeltachta agus Gaeilge.