Irish Language

Portráid d’amhránaí a thuill grá – in ainneoin a híogaire

Má tá dúil agat i gceoldrámaí, má tá suim agat i scéal mná a bhain clú agus cáil amach ach a raibh go leor fadhbanna pearsanta aici, bainfaidh tú sult as an scannán úr, Maria

Angelina Jolie i ról Maria Callas sa scannán úr a amharcann siar ar shaol duine de na hamhránaithe opera ba chlúití den chéad seo caite
Angelina Jolie i ról Maria Callas sa scannán úr a amharcann siar ar shaol duine de na hamhránaithe opera ba chlúití den chéad seo caite

Nuair a cheannaigh m’athair an chéad seinnteoir ceirnín dá raibh riamh againn, – an Dansette ab fhaiseanta amuigh – ar na halbaim a cheannaigh sé leis an ghléas úr a thriail, bhí ceann le Maria Callas – rud a chuir isteach go mór ar lucht leanúna na Beatles sa teaghlach!

Ó shin i leith, sheachain mé an soprán Gréagach agus ba bheag eolas a bhí agam ar a saol seachas an caidreamh a bhí aici le Aristotle Onassis, an fear a phós Jacqueline Kennedy i ndiaidh bhás JFK.

Ach anois, tá scannán úr ag oscailt i bpictiúrlanna Dé hAoine a chuireann síos ar na laethanta deireanacha a chaith Callas i bPáras, áit a bhfuair sí bás nuair nach raibh sí ach 53 bliana d’aois.

Thig le foireann ollmhór daoine blianta a chaitheamh ag déanamh scannáin ach ina dhiaidh sin, táthar ag brath ar chriticeoirí agus ar an phobal féachana cé acu b’fhiú é nó níorbh fhiú.

Ach tá rud amháin fíor, má tá ban-aisteoir cróga ag obair leis an scríbhneoir/stiúrthóir Pablo Larrain, beidh gradaim agus cáil mar thoradh ar an chomhoibriú sin.

Tá beathaisnéisí déanta ag Larrain cheana féin – Jackie ina raibh Natalie Portman sa phríomhról agus Spencer le Kristen Stewart – dhá scannán a thuill ainmniúcháin Oscar agus moladh mór do Portman agus Stewart araon.

Seans mór go bhfaighidh sé tréchleas (a hat trick) le hAngelina Jolie in Maria, scannán atá thar a bheith galánta ach a éiríonn lag in amanna agus an stiúrthóir ag iarraidh scéal Callas a chur faoinár mbráid.

Rugadh i Manhattan í do thuismitheoirí Gréagacha. Fuair Maria a cuid oideachais ceoil sa Ghréig agus í 13 bliana d’aois ach thosaigh sí a gairm bheatha san Iodáil ina dhiaidh sin, cé go raibh sí beagnach dall ar an stáitse.

D’fhulaing sí streachailtí agus scannal i rith a saoil.

Chaith Jolie seacht mí ag foghlaim an dóigh le bheith ag canadh in Iodáilis agus an pianó a sheinm, le go mbeadh sí in ann duine de na hamhránaithe is clúití sa 20ú céad a léiriú chomh go réalaíoch agus ab fhéidir.

Agus éiríonn léi tour de force a thabhairt a nochtann an diva mímhuiníneach, í máistriúil in amanna agus thar a bheith leochaileach in amanna eile.

Maria Callas
Maria Callas

Agus í ar an ardán, cluin muid glór Jolie os comhair lucht mór éisteachta agus glór Callas féin.

Tá saol an amhránaí eagraithe i dtrí ghníomh agus eipealóg ag an scríbhneoir scripte, Steven Knight, agus síos fríd an scannán, éisteann muid le comhráite siansacha (melodic dialogues) a thaispeánann an tsaint a bhí uirthi go mbeadh meas ag daoine uirthi.

“Book me a table at the restaurant where the waiters know who I am. I am in the mood for adulation,” ar sí ag pointe amháin.

Chomh maith, ba mhinic gruaim ar Callas cionn is nach dtiocfadh léi páistí a bheith aici.

“My body declined to make another self… because my body knew, I was a tiger,” ar sí.

Tosaíonn scannán Larrain ar an 16 Meán Fómhair, 1977 in árasán Callas i bPáras, áit a bhfuil póilíní agus dochtúir ina seasamh os cionn chorp an amhránaí.

Cluin muid Ave Maria ó cheoldráma Verdi Otello agus tugtar siar muid go dtí na hoícheanta glórmhara a bhí ag Callas i rith a saoil, cuid acu dubh agus bán agus cuid eile daite.

I rith an ama, tá butler ionúin s’aici Ferruccio (Pierfrancesco Favino) agus an bhean tí Bruna (Alba Rohrwacher) ag déanamh gach rud dá máistreás.

Tá an bheirt thar a bheith buartha faoi shláinte Callas agus an Dr Fontainebleau (Vincent Macaigne) ar tí bualadh isteach ach déanann Maria (Jolie) beag is fiú den imní atá orthu agus caitheann sí an mhaidin ag Theatre Des Champs-Elysees i gcuideachta an phianódóra Jeffrey Tate (Stephen Ashfield).

Oibríonn siad le chéile leis an mheath atá i ndiaidh teacht ar ghuth Callas a mheas ach tá sise sáite i smaointe faoin chumann a bhí aici leis an phiarda mór loingis (with the shipping magnate) Aristotle Onassis agus meabhraíonn sí ar a deirfiúr, Yakinthi (Valeria Golino) chomh maith.

In Maria, tugann Angelina Jolie léiriú thar a bheith cumhachtach mar an t-amhránaí mistéireach ar choinnigh a leannán i gcás í (who was caged by her lover) ach a dhiúltaigh teitheadh.

Tá Jolie go hiontach – mar atá Favino agus Rohrwacher – ach ní bhaineann Maria barr feabhais amach le linn an 124 bomaite a mhaireann sé.

Cionn is go léimeann an scannán ó thréimhse amháin go dtí tréimhse eile, tá sé deacair coinneáil suas leis an phlota in amanna ach sin ráite, tá gach moladh ag dul do Angelina i ndiaidh í sos trí bliana a ghlacadh ó shaol na scannánaíochta.