A r an Aoine 20 Meán Fómhair ceil-iúrfaidh cathair Dhoire, i dteannta le cathracha eile ar fud na hEorpa, Oíche Chultúir agus tá clár spéisiúil d'imeachtaí aon-oíche geallta a léireoidh saibhreas an chultúir áitiúla. Tá Oíche Chultúir á ceiliúradh anois le ceithre bliana anuas agus ar an oíche féin osclóidh breis agus 40 ionad cultúrtha a ndoirse le himeachtaí teaghlaigh a chur i láthair an phobail a chumascann cultúr, na healaíona, oidhreacht agus stair. Is tionscnamh é Oíche Chultúir a reáchtáiltear ar fud fad na hEorpa agus a bhaineann feidhm as dánlanna, ionaid ealaíon, foirgnimh stairiúla agus gnólachtaí cultúrtha le clár cultúrtha aon-oíche a chur ar fáil saor in aisce don phobal. I mbliana fillfidh an catbhealach go dtí an Sráidbhaile Ceardaíochta le Seó Faisin a chur i láthair an phobail, imeacht ar éirigh go geal leis anuraidh; cumascann an timeacht seo cultúr agus couture i saintimpeallacht an tsráidbhaile. Beidh Margadh Bedlam oscailte go mall ar an oíche le deis a thabhairt do chustaiméirí bheith sáite in éadaí, seodra, ealaíon agus leabhair le linn do cheol agus léiriúcháin cheoil a bheidh ar siúl ar an ardán ina gclós inmheánach. Más duine thú atá ar thóir an traidisiúin áitiúla, ba chóir duit cuairt a thabhairt ar Halla Cuimhneacháin na bPrintíseach áit a mbeidh an Iarsmalann s'acu ar oscailt a léiríonn scéal laochra an léigir agus beidh Cultúrlann Uí Chanáin ag eagrú Oíche Cheoil, Dhamhsa agus Bhia mar aon le taispeántas eolais ar an Ghaeilge agus ar sheirbhísí Gaeilge atá ar fáil sa cheantar. Chomh maith leis sin beidh gailearaithe na cathrach beo beathaíoch ar Oíche Chultúir mar go mbeidh siad oscailte go mall agus cead isteach saor in aisce geallta acu. Beidh Gailearaí Shráid
Londain, The Centre for Contemporary Art, The Void Gallery, Cowley Cooper Gallery agus Gordon Gallery i dteannta le lárionaid chultúir eile mar The Playhouse, The Verbal Arts Centre, Halla na Cathrach, Iarsmalann an Túir, Amharclann Dhoire Trasna agus Fóram na Mílaoise ag cur clár uathúil d'imeachtaí cultúrtha ar fáil ar an oíche atá saor in aisce.
Ar ndóigh, bheifeá ag súil le ceol agus amhránaíocht anseo i gCathair an Cheoil agus tá béim faoi leith leagtha ar imeachtaí ceoil sa chlár. Beidh Grúpa Ealaíon Mhórcheantar an Seantalaimh ag cur léiriúcháin tionscnaimh dá gceoldhráma 'Grease is the Word' agus beidh Tribal Fire agus Tribal Beat ag teacht le chéile le draíocht a chur ar na scaiftí lena rithimí agus lena ndrumadóireacht oíche a chur i láthair ar bhallaí na cathrach. Agus mar a bhfuil muid ag éirí cleachtaithe leis anois beidh ceol beo ag teacht ón ardán ar chearnóg Halla na Cathrach. Tá neart le déanamh do gach aoisghrúpa ag The Nerve Centre áit a mbeidh clár lán ar fáil ag tosú le hoíche oscailte The Music Promise agus a stiúideo a bheidh ag glacadh le háirithintí ó dhaoine ar mian leo taifeadadh beo a dhéanamh tríd an Audiobooth ar an oíche. Beidh dúil ag lucht leanta na teicneolaíochta sa Fab Lab a bheas oscailte ar Oíche Chultúir le léiriúcháin agus ceardlanna a thaispeánfaidh an dóigh a n-oibríonn an printéir tríphlánach seo. Tugann an Derry Print Workshop cuireadh duit theacht agus ceird na ndéantóirí priontaí a fheiceáil mar aon leis na teicnící a úsaideann siad. Beidh eagraíochtaí neamhspleácha ag glacadh páirte i mbliana fosta ar nós Craft Village Collective, Stiúideo Damhsa Echo Echo agus Libraries NI a chuirfidh réimse gníomhaíochtaí ar fáil idir thaispeántais cheardaíochta, fhísthaispeántais, sheisiúin
shnagcheoil agus rapdhráma de chuid an 17ú haois ag Halla na Cathrach. Beidh deis ag daoine stair shaibhir na cathrach a thaiscéaladh i réimse taispeántas, turas agus conairí in ionaid éagsúla stairiúla na cathrach. Tá réimse taispeántas grianghrafadóireachta ar an chlár i mbliana fosta lena náirítear Taispeántas Cholm Cille, Taispeántas faoi Lá Domhanda na Síochána ag Ionad Ealaíon Eden Place agus taispeántas de ghrianghraif leis an údar Don Mullan ag The Playhouse. Agus ar bharr sin uilig, tá féile grinn Big Tickle, margaí speisialta oíche, ealaíon agus ceirdeanna Indiacha agus léiriúchán Dream Walls ar a bhfuil tuilleadh eolais fúthu sa chlár.
? ? Le tuilleadh eolais a fháil tabhair cuairt ar derrycity. gov.uk/culturenight nó cuir glaoch ar an Chomhairle ag 028 71 376545.